Tá rabhadh tugtha do thiománaithe gan a saol féin, saolta daoine muinteartha agus daoine eile a chur i mbaol trí tostóir crios sábhála (seat belt silencers) a cheannach.
Tá na gléasanna a stopann fuaim na bíp mura gcaitheann tú do chrios sábhála ar díol in Éirinn ar €7.
Léiríonn figiúirí le déanaí, áfach, nach raibh crios sábhála á chaitheamh ag 25% de na daoine a fuair bás in imbhuailtí anuraidh.
Tá cáineadh déanta ag gardaí sinsearacha ar na rudaí a dhéanfaidh tiománaithe áirithe chun a chrios sábhála a sheachaint.
Cheistigh an Coimisinéir Cúnta Paula Hilman moráltacht na gcomhlachtaí a dhíolann búclaí criosanna sábhála aonair a chuireann stop leis an bhfuaim rabhaidh a choinníonn daoine sábháilte ina gcuid carranna.
‘Cuireadh in iúl dom go bhfuil soláthraithe (suppliers) ag díol gléasanna (devices) a chuirfidh do chrios sábhála ina thost mura gcuireann tú ort é,’ a dúirt sí le Coiste Iompair (Transport Committee) an Oireachtais.
‘Tá sé mícheart go morálta. Tá a fhios agam go raibh gardaí ag féachaint air seo agus stop úinéir an tsiopa lena ndíol, ach tá a fhios agam gur féidir leat na gléasanna seo a cheannach ar líne.
‘Má tá duine chun dul chomh fada sin gan a chrios sábhála a chaitheamh, an gcuirfidh forfheidhmiú an dlí (enforcement) stop leo go deo?
‘Molaimid do gach duine a chrios sábhála a chaitheamh mar go sábhálfaidh sé do shaol.’
Dúirt Seanadóir Fhianna Fáil Gerry Horkan, a bhí ina chathaoirleach ar an gCoiste Iompair, nach dtuigeann sé meon aon duine a cheannódh iad.
‘Is rud seafóideach é do shaol a chur i mbaol agus bheadh ort ceist a chur ar mhoráltacht aon duine a sholáthraíonn iad,’ a dúirt sé.
‘Is léir gur fadhb í in áiteanna áirithe sa tír nach mbíonn aon bhac ar dhaoine a gcriosanna sábhála a chaitheamh.’
Tá tiománaithe freagrach as sábháilteacht na bpaisinéirí ar fad sa charr agus is féidir fíneáil €120 a ghearradh orthu, agus trí phointe pionóis a fháil, mura bhfuil duine sa charr ag caitheamh a chrios sábhála.
Fuair an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (Road Safety Authority) amach go raibh titim 4% ar líon na dtiománaithe a bhí ag caitheamh a gcuid criosanna sábhála anuraidh.
Léirigh sonraí ó Irish Road Traffic Collision Database freisin nach raibh crios sábhála á chaitheamh ag beagnach 250 duine a fuair bás i dtimpistí bóthair sa tír le deich mbliana anuas.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.