Tá an tAire Talmhaíochta tar éis freagairt faoi dheireadh d’achomhairc chun úinéirí cait agus madraí a stopadh ó choiléar turrainge leictrigh (electric shock collars) a úsáid orthu.
Ní bheidh cead ag daoine iad a fháil a thuilleadh, a dúirt an tAire Charlie McConalogue.
Ní thabharfar an reachtaíocht sin isteach go ceann cúpla mí, áfach.
Agus níor chuir sé stop leo siúd a bhfuil siad acu cheana féin ó leanúint ar aghaidh á n-úsáid.
Dúirt sé go gceadófar d’úinéirí a úsáideann na gléasanna leictrigh láimhe faoi láthair chun a gcuid peataí a rialú leanúint ar aghaidh, ach cuirfear cosc ar choiléar nua.
Ina ainneoin sin dúirt an tAire: ‘Is compánaigh an-mhóra iad madraí agus cait… agus ní bealach oiriúnach é úsáid a bhaint as coiléar turrainge (shock) leictrigh a oibrítear de láimh agus a rialaítear go cianda (remotely) chun iad a chóireáil.
‘Tá go leor eagraíochtaí agus daoine aonair tar éis aird a dhíriú ar na fadhbanna leasa a d’fhéadfadh na gcoiléar seo a chruthú.
‘Chuir an Chomhairle Chomhairleach um Leas Ainmhithe Compánacha (Advisory Council on Companion Animal Welfare), a bhunaigh mé i 2021, comhairle orm maidir leis an ábhar seo freisin agus ar an gcomhairle sin, beidh mé ag tabhairt isteach rialachán sna míonna amach romhainn chun a n-úsáid a thoirmeasc.’
Úsáideann roinnt úinéirí madraí na gléasanna cheana féin, go minic chun ‘madraí oibre’ a raibh oiliúint orthu a rialú agus is é sin an fáth go bhfuil siad ag rá go mbeidh úsáideoirí reatha díolmhaithe (exempt).
Agus é ag tagairt do chomhairliúchán poiblí le déanaí, dúirt an tAire: ‘Aithním go bhfuil imní léirithe ag cuid den líon beag úinéirí madraí a úsáideann na coiléar turrainge (shock) seo faoi smacht a choinneáil ar a gcuid madraí mura n-úsáidtear iad.
‘Ar an ábhar sin, tá sé ar intinn agam cead a thabhairt dóibh siúd a úsáideann coiléar turrainge (shock) ar a gcuid madraí faoi láthair leanúint ar aghaidh… ach amháin do na madraí sin.’
Dúirt sé go mbunóidh a chuid oifigeach próiseas trína bhféadfaidh an t-úinéir an madra a chlárú lena roinn, chun é a dhíolmhú ó na rialacha nua.
‘Cosnóidh an toirmeasc ansin coileáin agus madraí nár úsáideadh coiléar turrainge (shock) orthu roimhe seo,’ a dúirt sé.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.