Cainteanna comhrialtais i gCatalóin mar theip ar na Sóisialaithe tromlach a fháil

13/05/2024

Molann an ceannaire Sóisialach Salvador Illa ‘ré nua’ i  gCatalóin; ach tá ceannaire neamhspleáchais Carles Puigdemont ag iarraidh rialtas mionlaigh a bhunú

Tá páirtithe i gCatalóin ag ullmhú do bhabhtaí idirbheartaíochta maidir le rialtas a bhunú mar ní raibh tromlach buaite ag na Sóisialaithe i dtoghchán Dé Domhnaigh.

Gheall iar-uachtarán na Catalóine Carles Puigdemont, atá ina theifeach (fugitive) fós, iarracht a dhéanamh rialtas mionlach (minority government) a chruthú.

Mar sin féin, níor thug an toghchán toradh maith do ghluaiseacht neamhspleáchais na Catalóine.

Iar-uachtarán Carles Puigdemont a d’iarr an vóta ar son neamhspleáchas na Catalóine ar thacaigh na vótálaithe leis in 2017
Iar-uachtarán Carles Puigdemont a d’iarr an vóta ar son neamhspleáchas na Catalóine ar thacaigh na vótálaithe leis in 2017

Glaodh an toghchán go tobann i mí an Mhárta ag uachtarán na Catalóine, Pere Aragonès, tar éis do pháirtithe an fhreasúra vótáil in aghaidh an bhuiséid a mhol a rialtas mionlaigh.

Agus b’olc an rud é do na páirtithe neamhspleáchais, a chaill a dtromlach parlaiminte.

Chríochnaigh páirtí Sóisialach na Catalóine (PSC) sa chéad áit, ag buachan 42 suíochán sa pharlaimint le 135 suíochán agus bhí 28% den vóta acu.

Chaill na trí pháirtí is mó a bhí ar son an neamhspleáchas sa Chatalóin a dtromlach, ag titim ó 74 suíochán sa toghchán deireanach go 59, le 39.4% den vóta.

Is iad na trí pháirtí sin: páirtí an Uachtaráin Pere Aragonès, ERC; páirtí Carles Puigdemont Junts, (Le Chéile don Chatalóin); agus Iarrthóir Aontachtach na hEite Clé.

In ainneoin gur theip orthu gar do na 68 suíochán a theastaíonn do thromlach glan a fháil, dúirt an PSC go mbeidh an toghchán ina thús le ré nua i bpolaitíocht agus i sochaí na Catalóine.

Dúirt siad gur briseadh a bheadh ann leis an trioblóid a lean iarracht Puigdemont neamhspleáchas a bhuachan i 2017 agus freagairt ghéar rialtas na Spáinne.

‘Tá cinneadh déanta ag an gCatalóin ré nua a oscailt,’ a dúirt ceannaire an PSC, Salvador Illa, le lucht tacaíochta ag ceanncheathrú a pháirtí.

‘Tá cinneadh déanta ag vótálaithe na Catalóine go mbeidh an páirtí Sóisialach i gceannas ar an ré nua seo, agus tá sé ar intinn agam a bheith mar chéad uachtarán eile ar an gCatalóin.’

Bhí Illa, dlúthchara le príomh-aire Sóisialach na Spáinne, Pedro Sánchez, i mbun feachtais ar ghealltanas don Chatalóin a aontú agus a sheirbhísí poiblí a fheabhsú.

Mhol rialtas Sánchez toradh an PSC mar chruthúnas go raibh vótaí buaite ag a gcur chuige comhréitigh i leith neamhspleáchas na Catalóine.

Thacaigh na Sóisialaithe leis an bpardún (amnesty) do Puigdemont agus do dhaoine eile a bhí páirteach sa troid ar son an neamhspleáchais.

Dúirt foinse de chuid rialtas na Spáinne go gciallaíonn toradh an toghcháin ‘deireadh le próiseas an neamhspleáchais’, agus dúirt go raibh sé seo mar gheall ar ‘polasaí comhréiteach agus idirphlé’ a bhí ag an bpríomh-aire, Pedro Sánchez.

Níl tromlach ag na Sóisialaithe, áfach, agus dúirt Puigdemont go ndéanfaidh sé iarracht rialtas mionlaigh a bheadh ar son na neamhspleáchais a chur le chéile.

‘Is féidir linn tromlach comhleanúnach a chur le chéile – ní ceann iomlán, ach bheadh sé níos fearr ná ceann Illa,’ a dúirt Puigdemont, atá i mbun feachtais sa Fhrainc agus é ag fanacht leis an pardún atá gealta.

Póilíní na Spáinne ar lá na vótaíochta 2017
Póilíní na Spáinne ar lá na vótaíochta 2017

‘Is é an rud is mó ná a chinntiú go bhfuil rialtas ag an gCatalóin atá in ann oibriú agus atá in ann seasamh in aghaidh Maidrid,’ a dúirt sé.

Mar sin féin, d’admhaigh sé drochthoradh toghcháin ghluaiseacht an neamhspleáchais, ag rá gurbh iad deighiltí (divisions) laistigh den ghluaiseacht an fáth ar fhan an oiread sin vótálaithe sa bhaile.

Mar thoradh ar na torthaí d’fhógair an tUachtarán Aragonès go bhfuil sé ag éirí as a phost mar Theachta Parlaiminte. Dúirt sé gur cheart dá pháirtí bogadh chuig an bhfreasúra.

Thabharfadh comhrialtas eite clé den PSC, an ERC agus comhghuaillíocht na Comuns Sumar den eite chlé na 68 suíochán a theastaíonn le haghaidh tromlach.

Mar sin féin, chuir Aragonès as an áireamh aon chomhaontú ERC leis an PSC ar fhorais idé-eolaíocha.

Ní bheadh páirtí nua, Aliança Catalana, atá i bhfad ar dheis agus a bhuaigh dhá shuíochán, i gcomhrialtas ar son na neamhspleáchais faoi cheannas Puigdemont, ach ní bheadh ach 59 suíochán ag comhrialtas Puigdemont.

Rialtas mionlaigh a bheadh i gceist leis sin mar bheadh 68 suíochán ag teastáil uathu le haghaidh tromlach.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram