Beidh Law eile ag Trent Alexander-Arnold

11/05/2024

Laoch Liverpool Trent Alexander-Arnold ag siúl amach le hiníon Jude Law, an mainicín faisin Iris Law

Tá Iris níos compordaí ar siút faisin ná i seastáin i bpáirc pheile; agus tá Trent ag iarraidh teacht ar rud éigin chun a intinn a bhaint de thrioblóidí Liverpool FC.

Ach tá an chuma ar an scéal go mbeidh sise breá sásta a bheith sa seastán ag staidiam Anfield go luath.

Ghlac Iris Law, iníon na haisteoirí Jude Law agus Sadie Frost, sos óna cuid oibre faisin chun caife a bheith aici lena fear nua, peileadóir Liverpool Trent Alexander-Arnold.

Trent Alexander-Arnold

Trent Alexander-Arnold

Tógadh pictiúr de Iris, atá 23 bliain d’aois, le Trent, ar a dáta caifé.

Bhí cóta trinse gorm á chaitheamh ar Iris Law agus í ag siúl trí Notting Hill an tseachtain seo.

Agus tháinig Trent, a d’fhill ar ais le déanaí ag imirt do Liverpool tar éis dó a bheith gortaithe go dona, isteach léi le haghaidh smoothie.

Dúirt foinsí gur bhuail Trent, atá 25 bliain d’aois, le máthair cháiliúil Iris Law agus go bhfuil sé ‘ar bís’ faoin gcaidreamh.

Ní fios conas a bhuail siad le chéile ach creidtear go raibh an t-imreoir sa Premier League ar an app dhátú do daoine cáiliúla,  Raya.

Dúirt duine den lucht féachana: ‘Ní shílfeá riamh go raibh siad an-saibhir agus clúiteach.

‘Ní raibh Ms Law agus Trent ach ag spaisteoireacht mar a bheadh beirt ghnáthdhuine óga ar lá deas leis an ghrian ag taitneamh.’

Caithfidh gur faoiseamh a bhí ann do Trent ón teannas i seomra feistis Liverpool tar éis dóibh an oiread sin cluichí tábhachtacha a chailleadh le déanaí – agus an fhearg a tháinig chun solais idir an tosaí thar cionn Liverpool Mo Salah agus a mbainisteoir Jurgen Klopp, atá ag fágáil an chlub i mbliana.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram