Dhiúltaigh Iosrael sos cogaidh agus d’ionsaigh siad na Palaistínigh i Rafah

Bhí ceiliúradh ann nuair a ghlac Hamas leis an sos cogaidh ach ansin dhiúltaigh Iosrael dó agus dúirt siad leis na Palaistínigh Rafah a fhágáil

Tá ionsaí déanta ag arm Iosrael ar chathair Rafah agus dúirt siad le sibhialtaigh a chónaíonn ann imeacht.

Thosaigh an t-ionsaí tar éis do Hamas glacadh le socrú sos comhraic, a dhiúltaigh Iosrael ansin.

Dúirt rialtas Iosrael go raibh an socrú ‘i bhfad ó bheith ag freastal ar éilimh Iosrael’.

Níl sé soiléir cad go díreach ar aontaigh Hamas leis, ach meastar go bhfuil scaoileadh gialla agus filleadh Palaistíneach easáitithe laistigh de Gaza ann.

Bhí sé ráite ag Iosrael le 100,000 Palaistíneach go raibh orthu Rafah thoir a fhágáil
Bhí sé ráite ag Iosrael le 100,000 Palaistíneach go raibh orthu Rafah thoir a fhágáil

Ba í an phríomhdhifríocht idir an dá thaobh ag na cainteanna i gCaireo ná buanseasmhacht (permanence) sos cogaidh.

Is mian le hIosrael an ceart a choimeád chun gníomhaíocht mhíleata a atosú, in Rafah, tar éis don sos cogaidh a bheith críochnaithe.

Bhí sé ráite ag Iosrael le 100,000 Palaistíneach go raibh orthu Rafah thoir a fhágáil chun tosaigh ar a n-ionsaithe.

Roimhe sin, bhí ceiliúradh ar na sráideanna tráthnóna tar éis do Hamas a fhógairt go raibh siad tar éis glacadh le sos cogaidh.

Ach ansin bhí díomá agus mearbhall ann nuair nár ghlac Iosrael leis an sos cogaidh agus thosaigh siad ag buamáil.

Tá breis agus milliún Palaistíneach ag tabhairt tearmainn i Rafah agus bhí siad trína chéile tar éis imeachtaí an lae.

D’eisigh Iosrael orduithe chun cuid den chathair a aslonnú (evacuate) níos luaithe Dé Luain, rud a chuir tús le héascadh (exodus) na mílte duine.

Chuir oifigeach Meiriceánach imní in iúl faoin ionsaí ar Rafah ach dúirt siad nár chreid siad gur ionsaí mór a bhí i gceist leo.

Bhí na Stáit Aontaithe dírithe ar cosc a chur ar oibríocht den sórt sin i gceantair ina bhfuil daonra dlúth in Rafah, a dúirt siad.

Dúirt príomh-aire Iosrael, Benjamin Netanyahu, gur thit na téarmaí a d’aontaigh Hamas leo, i bhfad ó bheith ag freastal ar éilimh a rialtais agus go seolfar toscaireacht le haghaidh tuilleadh caibidlíochta trí idirghabhálaithe na hÉigipte agus Qatari.

Dúirt an comh-aireachta cogaidh go leanfadh siad an oibríocht i Rafah chun ‘brú míleata a chur ar Hamas chun scaoileadh na ngiall agus spriocanna eile an chogaidh a chur chun cinn’.

Maraíodh breis agus 34,700 duine i nGaza ó cuireadh tús leis na hionsaithe.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram