Tháinig ardú arís ar an méid atá le híoc againn i gcáin charbóin (carbon tax) an tseachtain seo, rud a thug go dtí €122 an mheáncháin charbóin ar bhillí bliantúla gáis na mílte teaghlach.
Gearrtar an cháin ar bhreoslaí astaithe carbóin (carbon-emitting) mar ghual, móin, ola agus gás nádúrtha.
Tá an Rialtas, go háirithe an Comhaontas Glas sa Rialtas, ag iarraidh an cháin a thabhairt isteach ionas go spreagfar muid chun astuithe dé-ocsaíd charbóin (carbon dioxide emissions) a laghdú.
Cáineadh iad, áfach, as beartais atá neamhdhíobhálach don chomhshaol (environmentally friendly) a thabhairt isteach a bhaineann le pionós ar dhaoine seachas tacaíocht a thabhairt do dhaoine, den chuid is mó.
Dúirt Daragh Cassidy, ón suíomh comparáide praghsanna fuinnimh Bonkers.ie, go bhfuil ‘tionchar díréireach (disproportionate) aige orthu siúd ar ioncam níos ísle’.
‘Agus praghsanna fuinnimh fós ag leibhéal an-ard, is cóir a rá nach mbeidh fáilte roimh an ardú cánach seo ag go leor daoine,’ a dúirt sé.
Mar sin féin tá sé anseo anois agus tá méadú go €100 reachtaithe cheana féin.
Maidir leis an oiread den cháin agus is féidir leo a laghdú orthu féin, is é an rud is fusa do chustaiméirí gáis a dhéanamh ná soláthraí a aistriú (switch suppliers).
‘Is féidir le custaiméirí a aistríonn soláthróirí lascainí suas le 20% nó níos mó a fháil óna soláthraí nua ar feadh bliana iomlán, rud a dhéanfadh níos mó ná an méadú a dhiúltú,’ a dúirt sé.
Mhéadaigh an cháin de €7.50 go €56 in aghaidh an tonna CO2 i mbuiséad mhí Dheireadh Fómhair seo caite ach cuireadh moill ar an méadú go dtí anois ar bhreoslaí téimh tí mar ghual, móin, gás nádúrtha agus ola théimh tí.
Rinneadh é seo chun daoine a spáráil i dtréimhse an gheimhridh a raibh éileamh mór ar fuinnimh nuair a bhí costais air an-ard – ach, cé go mbeifear ag súil go mbeidh an aimsir níos teo i rith an tsamhraidh, tá praghsanna fós ard.
Cuirfidh an t-ardú seo €17 sa bhreis ar mheánbhille bliantúil gáis nádúrtha an teaghlaigh agus beidh an gnáthchustaiméir gáis ag íoc thart ar €122 sa bhliain i gcáin charbóin (carbon tax) anois.
Cuirfidh sé thart ar €19 le dabhach (tank) ola theasa baile 900-lítear freisin.
Cosnóidh sé thart ar €140 i gcáin charbóin san iomlán anois chun 900-lítear a fháil.
Tá an ráta cánach carbóin le bheith méadaithe beagnach faoi dhó idir seo agus 2030.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.