Aimsir Barcelona, ar feadh tamaill gearr, a deir Met Éireann

01/05/2024

Beidh Éire chomh te le Barcelona an tseachtain seo, agus an teocht ag ardú go 18C, a deir Met Éireann, ach táthar ag súil le báisteach throm freisin

Tá sé ráite ag Met Éireann go mbeidh tús mhí na Bealtaine níos teo ón gCéadaoin go dtí an deireadh seachtaine.

Cé go bhfuil méid éiginnteachta fós ann ón Déardaoin, is dócha go mbeidh go leor aimsir thirim agus solas na gréine ann.

Tá Met Éireann ag tuar go mbeidh sé ‘i bhfad níos tirime’ ón gCéadaoin tar éis stoirmeacha toirní thar an deireadh seachtaine agus Dé Luain.

‘Beidh go leor aimsire tirim ar an iomlán le tréimhsí gréine ann, cé go mbeidh ceathanna scaipthe ann agus b’fhéidir go mbeidh cuid acu trom,’ a dúirt Met Éireann.

Beidh sé idir 16C agus 18C nuair a bhriseann an ghrian amach sa tuaisceart
Beidh sé idir 16C agus 18C nuair a bhriseann an ghrian amach sa tuaisceart

Beidh Déardaoin scamallach den chuid is mó le báisteach, agus báisteach throm a d’fhéadfadh a bheith ann – agus d’fhéadfadh fiú go mbeadh roinnt tuilte (flooding) i gcodanna de lár na tíre, theas agus thoir.

Táthar ag súil go n-éireoidh sé tirim go príomha sa tuaisceart le tréimhsí gréine san iarnóin.

Beidh na teochtaí is airde idir 11C agus 15C in áit a bhfuil scamaill agus báisteach, agus beidh sé idir 16C agus 18C nuair a bhriseann an ghrian amach sa tuaisceart.

Ó oíche Déardaoin beidh báisteach ar fud lár na tíre, le haimsir níos tirime agus níos soiléire san oirthear agus san iarthar agus san iardheisceart agus thuaidh.

Táthar ag súil go mbeidh na teochtaí is ísle idir 4C agus 8C.

Ar Dé hAoine beidh sé scamallach le roinnt báistí agus ceobhrán (drizzle) ar fud an leath thuaidh den tír.

Beidh na teochtaí is airde idir 12C agus 17C le gaotha bog.

Don Satharn, tá Met Éireann ag súil le go leor scamaill, le roinnt báistí a ghlanfaidh ó thuaidh de réir a chéile.

Mar sin féin, táthar ag súil go mbeidh níos mó báistí ag teacht aníos ón deisceart níos moille sa lá, agus b’fhéidir go mbeidh báisteach throm ann.

Beidh na teochtaí is airde idir 13C agus 16C le gaoth éadrom.

Tá níos mó éiginnteachta ná mar is gnách ag baint le deireadh seachtaine na Saoire Bainc seo, ach is cosúil go leanfaidh coinníollacha neamhshocraithe, le báisteach nó cathanna, a dúirt Met Éireann.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram