Breatain ‘ag déanamh damáiste d’aon ghnó do chearta daonna’

Deir tuarascáil nua ó Amnesty go bhfuil an domhan níos contúirtí mar gheall ar ghníomhartha na Breataine agus Mheiriceá ag tacú le hIosrael – Agus tá Éire cáinte freisin as an ngéarchéim tithíochta

Tá Amnesty International ag cur i leith na Breataine go bhfuil siad ag déanamh ‘dhíchobhsú (destabalising) d’aon ghnó’ ar chearta daonna ar fud an domhain, ar mhaithe lena críocha polaitiúla féin.

Tá géarchéim tithíochta na hÉireann luaite freisin sa tuarascáil ar chearta an duine i 155 tír ag Amnesty International.

Ina thuarascáil dhomhanda bhliantúil, a eisíodh Dé Céadaoin, dúirt Amnesty go bhfuil  an Bhreatain ag lagú cosaintí cearta daonna go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, agus go bhfuil cliseadh (breakdown) beagnach ar an dlí idirnáisiúnta.

‘Tá an Ríocht Aontaithe ag déanamh díchobhsú d’aon ghnó ar choincheap iomlán na gceart daonna uilíoch (universal) trína cuid polasaithe uafásacha intíre agus a polaitíocht,’ a dúirt Sacha Deshmukh, príomhfheidhmeannach Amnesty International UK.

Cáineann tuarascáil Amnesty comhghuaillithe (allies) Iosrael freisin mar theip orthu stop a chur leis an ‘doirteadh fola sibhialta’ in Gaza.

Príomh-Aire na Breataine Rishi Sunak
Príomh-Aire na Breataine Rishi Sunak

Tá sé ráite freisin sa tuarascáil ar Staid an Domhain um Chearta an Duine go bhfuil os cionn 4,000 leanbh in Éirinn ag cur fúthu i lóistín éigeandála do dhaoine gan dídean, agus nach bhfuil na mílte duine óg in ann a bheith páirteach sa mhargadh tithíochta.

Dúirt Stiúrthóir Feidhmiúcháin Amnesty International Stephen Bowen go gciallaíonn sé seo go gcaithfidh Rialtas na hÉireann céimeanna níos láidre agus níos cinntitheacha a ghlacadh chun an ghéarchéim tithíochta a réiteach, lena n-áirítear reifreann ar an gceart chun tithíochta.

Mar rabhadh géar do cheannairí domhanda, dúirt Amnesty go bhfuil an domhan ag fulaingt ó na ‘iarmhairtí uafásacha (terrifying consequences)’ de bharr coimhlint atá ag dul i méid agus cliseadh (breakdown) beagnach an dlí idirnáisiúnta.

Díríonn an tuarascáil 418 leathanach ar úsáid na Stát Aontaithe dá chrosadh (veto) chun pairilis (paralyse) a dhéanamh ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (United Nations Security Council) ar feadh míonna trí bhac a chur ar rith rún a bhfuil géarghá leis maidir le sos comhraic in Gaza, agus iad ag leanúint ar aghaidh ag armáil Iosrael.

Labhair  Amnesty faoi, ‘Tadhg an dá thaobhachas (double Standard) atá ag tíortha cumhachtacha an iarthair, lena n-áirítear an Bhreatain agus an Ghearmáin, ag leanúint ar aghaidh ag tacú le gníomhartha Iosrael, i bhfianaise agóidí na tíortha sin faoi choireanna cogaidh na Rúise agus Hamas.

Cáineann an tuarascáil go sonrach an Bhreatain freisin mar níor bhain siad úsáid as a ról ceannaireachta laistigh de na Náisiúin Aontaithe chun sáruithe ar chearta an duine in Gaza a chosc, agus as a tacaíocht lag d’imscrúdú na cúirte coiriúla idirnáisiúnta (ICC) ar sháruithe ar chearta an duine in Iosrael agus sa Phalaistín.

Leagann sé béim freisin ar an mbaint a bhí ag an mBreatain le hIosrael a armáil.

Dúirt Deshmukh maidir le hIosrael: ‘Tá imní an-mhór orainn faoi chleachtadh na Ríochta Aontaithe airm agus comhpháirteanna suntasacha (significant components) a sholáthar d’arm.’

Maidir le 15% de na eitleáin chogaidh críochnaithe F-35, a úsáideann Iosrael, is dócha go mbeidh páirteanna nó comhpháirteanna na Breataine acu, a dúirt sé.

‘Níl aon dabht i m’intinn go dtabharfar breithiúnas géar ar an RA de réir na staire mar gheall ar teip cuidiú le cosc a chur ar mharú sibhialtach in Gaza,’ a dúirt Deshmukh.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

B'fhéidir gur mhaith leat freisin ...

© 2021 – 2026 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram