Absolutely not! An bhfuil brón ar McClean as amhrán ‘frith-ríoga’ a chanadh le lucht leanúna áthasach?

18/04/2024

Is laoch é James McClean do lucht leanúna club sacair Wrexham agus na húinéirí ó Hollywood – ach níl gach duine sásta

Tá James McClean cáinte sna meáin i Sasana as a bheith ag canadh in éineacht le lucht leanúna an chlub sa Bhreatain Bheag, ina bhfuil sé ina laoch.

Déanann Jack Marriott ceiliúradh le James tar éis dó séú cúl a fhoireann a scóráil sa chluiche idir Wrexham agus Forest Green Pic: Charlotte Tattersall/Getty Images
Déanann Jack Marriott ceiliúradh le James tar éis dó séú cúl a fhoireann a scóráil sa chluiche idir Wrexham agus Forest Green Pic: Charlotte Tattersall/Getty Images

Is laoch de chuid Wrexham é McClean agus mar sin tá amhrán ‘conspóideach’ ag an lucht leanúna faoi.

Bhí tráchtairí sa meán i Sasana scanraithe mar tá líne san amhrán grinn a chanann an lucht leanúna faoi McClean a deir: ‘Agus is fuath leis an f***ing rí’.

Tá sé ráite ag laoch peile na hÉireann go bhfuil sé sásta páirt a ghlacadh sa chanadh le lucht tacaíochta Wrexham.

Bhí siad ag canadh chun ceiliúradh a dhéanamh an deireadh seachtaine seo caite, tar éis don chlub ardú céime a fháil ó Shraith a Dó go Sraith a hAon.

Tá McClean anois ar cheann de na himreoirí is tábhachtaí ag an gclub Breatnach, atá anois  faoi chomhúinéireacht na réaltaí scannán Hollywood, Ryan Reynolds agus Rob McElhenney.

Chuaigh sé isteach sa chlub an samhradh seo caite.

Tá an-mheas ar McClean ag an Racecourse Ground agus chan an lucht tacaíochta amhrán chun tacú leis agus a chlann tar éis dóibh an bua a fháil  in aghaidh Forest Green, 6-0.

Agus McClean le feiceáil ar an bpáirc in éineacht leis na himreoirí eile agus baill dá theaghlach chan an lucht leanúna an t-amhrán faoi – agus chan sé é leo.

Foilsíodh alt ansin sna meáin Bhriotanacha ag cur síos ar an bpeileadóir as Doire mar dhuine ‘conspóideach’ – mar gur sheinn siad an t-amhrán seachtainí tar éis don Phrionsa William cuairt a thabhairt ar an gclub.

Mar sin féin, d’fhreagair McClean, atá 34 bliain d’aois, ar Instagram, le tagairt don cháineadh.

‘An bhfuil sé seo ceart? Cinnte agus mé ag canadh chomh maith ag barr mo scamhóga,’ a dúirt McClean faoi alt amháin.

‘An ghabhaim leithscéal as é sin a dhéanamh? Cinnte ní ghabhaim.’

Tá 42 cluiche imearthe ag McClean ó shínigh sé do Wrexham, rud a chuir áthas ar Ryan Reynolds agus Rob McElhenney.

James McClean ag bualadh leis an Uachtarán Micheál D Ó hUigínn lena pháistí Allie Mae, Willow Ivy agus James Junior Pic: INPHO/Morgan Treacy
James McClean ag bualadh leis an Uachtarán Micheál D Ó hUigínn lena pháistí Allie Mae, Willow Ivy agus James Junior Pic: INPHO/Morgan Treacy

Ag labhairt ar an Late Late Show le déanaí, dúirt McClean gur eispéireas ‘surreal’ atá sé, ag déileáil le húinéirí cáiliúla den sórt sin.

Dúirt sé nach gcuirtear isteach air de ghnáth ag bualadh le daoine cáiliúla ach gur rud eile atá ann ‘nuair a chuirfidís téacs chugat tar éis na gcluichí’.

‘Nuair a dhéanann tú machnamh air, is rud beag “surreal” é, go bhfuil na comhráite seo agat leis na mega-réaltaí seo,’ a dúirt sé.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram