Tá Scrabble ró-‘scary’! Tá an cluiche focal ag athrú mar ‘níl daoine óga iomaíoch’

18/04/2024

Tá an comhlacht a dhéanann Scrabble ag cur leagan nua den chluiche focal ar fáil, ina gcabhraíonn imreoirí lena chéile seachas a bheith in iomaíocht lena chéile

Tá Scrabble, ceann de na cluichí focal is mó tóir ar domhan, le leagan nua ‘comhoibríoch’ agus ‘inrochtana (accessible)’ a fháil.

Tá Mattel, an comhlacht a dhéanann Scrabble, ag déanamh na n-athruithe mar go ndeir siad nach bhfuil daoine óga iomaíoch a thuilleadh.

Beidh Scrabble Together ar fáil ar fud na hEorpa – áfach, níl aon chomhartha faoi leagan Gaeilge go fóill, mar sin beidh ar Ghaeilgeoirí fanacht iomaíoch ar feadh tamaill.
Beidh Scrabble Together ar fáil ar fud na hEorpa – áfach, níl aon chomhartha faoi leagan Gaeilge go fóill, mar sin beidh ar Ghaeilgeoirí fanacht iomaíoch ar feadh tamaill

Tá an cluiche thart le níos mó ná 75 bliain agus tá sé ráite ag imreoirí go mbíonn sé siamsúil dóibh ach go mbíonn frustrachas ag baint leis go minic.

Is é an bunphrionsabal simplí ná go mbíonn daoine in iomaíocht ag fáil amach cé atá in ann na focail is airde scórála a bhaint as rogha randamach litreacha.

Anois, cuireann leagan nuashonraithe den chluiche darb ainm Scrabble Together an dara taobh leis an gclár Scrabble.

Imrítear an cluiche nua ar luas níos tapúla ach ní hé sin an fáth ar thug an comhlacht amach é.

‘Tá an cluiche deartha le bheith comhoibritheach le go mbeidh an “gameplay” níos inrochtana (accessible) d’aon duine a mbíonn imeagla orthu ar chluichí focal,’ dar le ráiteas ó Mattel, an chuideachta a dhéanann é.

In ionad iomaíochta, comhoibríonn imreoirí chun cártaí a chomhlánú.

Tá an cluiche nua do dhaoine atá imeaglaithe ag Scrabble
Tá an cluiche nua do dhaoine atá imeaglaithe ag Scrabble

Agus cad faoi na hiomaitheoirí sin a bhraitheann go bhfuil gá le caimiléireacht (cheating)? Níl aon ghá mar tá cártaí cúntóra (helper cards) má tá cúnamh ag teastáil.

Is é an aidhm ná go dtabharfaidh an modh cluiche nua daoine le chéile, a dúirt Ray Adler, Ceannaire Domhanda Cluichí na cuideachta.

‘Tá Scrabble i ndáiríre mar cheann de na cluichí boird is mó ráchairt sa stair, agus ba mhaith linn a chinntiú go leanann an cluiche de bheith cuimsitheach do gach imreoir,’ a dúirt sé.

‘Do dhuine ar bith ar smaoinigh riamh, “ní domsa cluichí focal”, nó ar mhothaigh an cluiche Clasaiceach a bheith beagán imeaglaithe, is rogha iontach é Scrabble Together Mode.’

Dúirt Mattel go ndearna siad taighde i measc na n-imreoirí boird a thaispeánann go bhfuil iomaíochas ag laghdú i measc na nglún níos óige.

As na 2,000 duine a ndearnadh suirbhé orthu, chreid 35% gurb iad na ‘baby boomers’ is iomaíche, ina dhiaidh sin ‘millennials’ ar 31% agus Gen-Z ar 29%.

In the new game competitors help each other
In the new game competitors help each other

‘Tá treocht (trend) i measc daoine óga atá ag iarraidh cluichí iomaíocha a sheachaint. Ina ionad sin tá siad i bhfabhar obair foirne agus comhoibriú a bheith ag obair i dtreo sprioc spraíúil le chéile,’ a dúirt Brett Smitheram, Curadh (Champion) Domhanda Scrabble 2016.

Beidh Scrabble Together ar fáil ar fud na hEorpa – áfach, níl aon chomhartha faoi leagan Gaeilge go fóill, mar sin beidh ar Ghaeilgeoirí fanacht iomaíoch ar feadh tamaill.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram