Fadhbanna nua ag an FAI agus príomhfheidhmeannach Jonathan Hill ag éirí as 

16/04/2024

Bhí Hill cáinte ag baill Oireachtais mar gheall ar íocaíochtaí laethanta saoire – agus d’fhéadfadh go gcuirfeadh an cinneadh seo moill ar ainmniú bainisteora nua

Tá sé deimhnithe ag bord an FAI go bhfuil an Príomhfheidhmeannach Jonathan Hill ag éirí as ag deireadh na míosa. 

Bhí Hill cáinte de bharr ceisteanna faoi  íocaíochtaí in ionad saoire nár tógadh, agus na hiarrachtaí a rinne sé san Oireachtas ina dhiaidh sin chun é a mhíniú. 

D’ainmnigh an FAI David Courell mar Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin Eatramhach.

D’fhéadfadh go mbeadh níos mó moille anois maidir le bainisteoir nua a ainmniú d’fhoireann sinsir na bhfear. 

Jonathan Hill
Jonathan Hill

In éineacht leis an Stiúrthóir Peile Marc Canham agus Packie Bonner, tá Hill ar dhuine den triúr atá i gceannas ar bhainisteoir nua na hÉireann a fháil. 

Bhí sé beartaithe ag an FAI comharba (successor) Stephen Kenny a fhógairt an tseachtain seo, agus níl sé soiléir an bhfuil moill bhreise tagtha ar an bpróiseas sin mar gheall an scéala faoi imeacht Hill. 

Glaodh ar fhoireann an FAI chuig cruinniú ag 11.00 ar maidin Dé Luain áit ar cuireadh scéala faoin imeacht in iúl dóibh. 

Fágfaidh Hill an Cumann ar 30 Aibreán. 

Thosaigh Hill leis an FAI mar phríomhfheidhmeannach i mí na Samhna 2020 agus tá sé i gceannas ar an gcumann le trí bliana go leith anuas. 

Cháin baill an Choiste um Chuntais Phoiblí (Public Accounts Committee, PAC) i dTeach Laighean go mór Hill i mí Feabhra, tar éis dó míniú a thabhairt ar íocaíocht de €11,550 a fuair sé ón gcumann, in ionad saoire nár tógadh, a bhí in aghaidh rialacha an FAI féin. 

Dúirt uachtarán an FAI, Paul Cooke freisin, go raibh ‘dúshlán’ curtha faoina mhuinín a bhí aige do Hill. 

D’aisíoc Hill an t-airgead agus €8,000 de shochar comhchineáil (benefit in kind) eile a fuair sé as costais taistil. 

Fuarthas amach freisin, in iniúchadh (audit) go raibh a thuarastal níos mó ná tuarastal rúnaí ginearálta (general secretary) de chuid roinn rialtais, rud nach raibh ceadaithe.  

Ghabh sé a leithscéal agus mhaígh sé gur ‘sárú neamhbheartaithe’ ar an gcomhaontú fóirithinte a bhí ann. 

Dúirt Paul Cooke, ar Dé Luain: ‘D’oibrigh Jonathan thar a bheith dian ag cruthú na bunsraitheanna láidre le haghaidh fáis agus táim cinnte gur féidir leis an mBord, leis an bhfeidhmeannas agus leis an bhfoireann tógáil ar na bunsraitheanna sin anois chun fíor-athrú a chruthú don rannpháirtíocht is mó sa spórt sa tír. 

‘Guím gach rath ar Jonathan sa todhchaí.’ 


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram