

Tar éis don Taoiseach nua Simon Harris a bheith tofa Dé Máirt, thosaigh sé ag roghnú na mball d’Fhine Gael a bhí le hardú chun na Comh-Aireachta.
Mar sin féin, is beag athrú a tharla, ach amháin sna ranna Rialtais ina raibh na hAirí tar éis bogadh ar aghaidh.

Ní raibh na foinsí a bhí ag labhairt le Extrag.ie, le cúpla lá anuas, ag súil leis na hathruithe móra a bhí á dtuar (predicted) ar dtús – ach tá athruithe i Roinn na Gaeltachta.
An cheist a bhí á cur ag go leor Gaeilgeoirí ná, an mbeidh Aire nua na Gaeltachta agus na Gaeilge againn, agus an mbeidh sí nó sé in ann Gaeilge a labhairt?
Mar shampla tá Gaeilge líofa ag Príomh-Aoire an Rialtais Hildegarde Naughton, agus cé go bhfuil géarghá le hAire sinsearach Gaeltachta agus Gaeilge sa Chomh-Aireacht, b’fhéidir go dtabharfaí an cúram di.
Agus Patrick O’Donovan ag bogadh go dtí an Comh-Aireachta, fógróidh an Taoiseach nua a ról mar Aire na Gaeltachta agus na Gaeilge Dé Céadaoin.
Mar a bhíothas ag súil ní raibh aon athruithe móra sa Chomh-Aireacht. Fanfaidh Helen McEntee mar Aire Dlí agus Cirt, fanfaidh Heather Humphreys mar Aire Coimirce Sóisialaí agus fanfaidh Paschal Donohoe mar Aire Caitheachas Phoiblí.

Tiocfaidh dhá athrú sa Chomh-Aireacht, an chéad cheann mar go bhfuil Simon Coveney ag dul ar scor mar Aire Fiontair; agus beidh an tAire Sóisearach (Junior Minister) do Ghnóthaí Eorpacha Peter Burke ag glacadh a ról.
Agus is é an dara hathrú Comh-Aireachta ná an tAire Sóisearach Gaeltachta agus Gaeilge, Patrick O’Donovan a cheapadh chuig seanphost Simon Harris mar Aire Ardoideachais.

Tá Hildegarde Naughton, atá ar duine den bheagán Teachtaí Dála ag Fine Gael ar cainteoir líofa Gaeilge í, le fanacht mar Phríomh-Aoire (Chief Whip), le freagracht nua as riachtanais speisialta, ról mar Aire Shóisearaigh a bhí ag Josepha Madigan, nach bhfuil ag seasamh sa chéad olltoghchán eile.
Gheobhaidh Jennifer Carroll MacNeill an post a bhí ag Peter Burke mar Aire Sóisearach Gnóthaí Eorpacha.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.