Mhol Jurgen Klopp Caoimhín Kelleher agus dúirt sé nach mbeadh Liverpool sa tóir ar an ‘Treble’ a bhuachan gan an cúl báire as Corcaigh.
Bhí go leor daoine ag súil go gcuirfí isteach go mór ar ionchais Learpholl nuair a bhí cúl báire Uimh1 na foirne, Alisson, gortaithe ach d’éirigh thar cionn leis an imreoir idirnáisiúnta Caoimhín mar ionadaí.
Chomh fada agus a bhaineann sé le Klopp, bhí ranníocaíochtaí Chaoimhín fíorluachmhar; mar shampla leis an sábháil iontach a rinne sé ó Lewis Dunk as Brighton, Dé Domhnaigh seo caite.
‘Ní raibh cúthail riamh orm “Caoimh” a mholadh ach is iontach an rud é cé chomh maith agus a d’éirigh leis na buachaillí seo nuair a tháinig deiseanna dóibh,’ a dúirt Klopp.
‘Conas is féidir liom é a rá: gan Caoimhín Kelleher sa chúl, níl seans ar bith go mbeimis san áit seo; níl seans ar bith.’
Agus d’ainmnigh Klopp an cluiche a rinne difríocht mhór do Learpholl i mbliana.
Dúirt sé go raibh sé ag caint lena fhoireann roimh an gcluiche i gcoinne Manchester United i mí na Nollag.
‘Ba bhreá liom an cluiche sin in aghaidh Manchester United,’ a dúirt Klopp.
‘Níor bhuaigh muid an cluiche. 0-0 a bhí ann, ach b’in é an lá ar tháinig ár meon frithbhrúite isteach arís.
‘Ba rud é a d’iarr mé orthu a dhéanamh. Caithfidh tú dul trí chluichí ar bhealaí éagsúla.
‘Ní féidir leat an liathróid a thógáil díreach go dtí an cúl. Ach má bhuann tú go hard ar an bpáirc é, tá an seans ann go bhfaighidh tú críoch deas.
‘Is cinnte gurb é sin an rud a bhí i gceist agus, ó shin i leith, d’athraigh an séasúr go dtí an bealach is mian linn imirt.’
Idir an dá linn, tá ‘eagla’ ar Virgil van Dijk mar gheall go bhfuil Klopp ag imeacht ag deireadh an tséasúir.
Dúirt cosantóir na hÍsiltíre le ITV News: ‘Beidh sé deacair. Lá crua a bheidh ann.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.