Níl foireann óg Dessie Farrell gan a réaltaí ná a scórálaithe cúil – mar a léiríodh sa chluiche a bhí ag na Dubs in aghaidh Thír Eoghain ag an deireadh seachtaine.
Mar sin féin, bhí Farrell á cheistiú faoi thriúr laoch níos sine na Dubs – Stephen Cluxton, James McCarthy agus Mick Fitzsimons.
Agus bhí freagra ‘deadpan’ ag bainisteoir Bhaile Átha Cliath ar an gceist sin, freagra a spreagfadh a chuid imreoirí óga agus a lucht leanúna.
Scóráil Colm Basquel, fear an chluiche, dhá chúil agus trí phointe in aghaidh Thír Eoghain, scóráil Lorcan O’Dell cúl agus dhá phointe, agus scóráil Niall Scully agus Cian Murphy cúl chomh maith.
Ciallaíonn an toradh go bhfillfidh Áth Cliath ar Pháirc an Chrócaigh an deireadh seachtaine seo chugainn chun imirt in aghaidh Dhoire sa chluiche ceannais.
Mar sin féin, bhí bainisteoir Bhaile Átha Cliath á cheistiú faoi Cluxton, McCarthy agus Fitzsimons agus dúirt sé nach mbeidh aon duine acu ag imirt i gcluiche ceannais Roinn 1 an deireadh seachtaine seo chugainn – ach gur cheart go mbeidís ar fáil do chluichí Craobh na hÉireann.
D’imir James McCarthy sa tsraith ar feadh leathuaire i gcéad chluiche Áth Cliath nuair a chaill siad in aghaidh Mhuineacháin (Monaghan), atá anois íslithe (relegated), in éineacht le Ros Comáin (Roscommon), go Roinn 2.
Mhínigh Farrell gur gortaíodh McCarthy sa chluiche sin ach dúirt sé: ‘Tá súil againn é a fheiceáil ag teacht sa chraobh.’
Cé nach raibh Stephen Cluxton, atá 42 bliain d’aois, nó Mick Fitzsimons, atá 36 bliain d’aois, ag imirt sa tsraith, dúirt Farrell go bhfuil siad ag traenáil agus dúirt sé: ‘Tá súil againn go mbeidh siad ar fáil dúinn sa chraobh.’
Dúirt sé: ‘Sílim go bhfuil muid ag iarraidh a bheith cúramach freisin ag an am seo den bhliain mar, cé go bhféadfadh roinnt imreoirí a rá go bhfuil siad ar fáil, ní féidir leat a bheith cinnte faoi sin.’
Ag cuimhneamh ar an gcaoi ar imir cuid de na himreoirí óga sa léig, áfach, agus é ag caint ar chluiche ceannais na sraithe in aghaidh Dhoire an tseachtain seo chugainn, dúirt Farrell, le beagán íoróin: ‘Ní bheidh na leaids sin atá luaite ar fáil dúinn – ach ceapaim go mbeidh daoine eile againn!’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.