Níl nasc idir fóin phóca agus ailse inchinne (brain cancer), de réir staidéar domhanda

Bhí imní ann le fada go raibh tonnta leictreamaighnéadacha (electromagnetic waves) ó na fóin ina mbaol don tsláinte

Níl baint ag úsáid na fóin phóca go rialta le baol ailse inchinne (brain cancer), de réir staidéar idirnáisiúnta nua.

Lean taighdeoirí 250,000 úsáideoir fón póca, lena n-áirítear na daoine sin a d’úsáid a bhfón ar feadh tréimhsí fada ama, le linn an staidéir 17 mbliana.

Caitheann daoine níos lú ama le fóin agus níos mó ama ar fhísghlaonna (video calls), ar na meáin shóisialta agus ar an idirlíon
Caitheann daoine níos lú ama le fóin agus níos mó ama ar fhísghlaonna (video calls), ar na meáin shóisialta agus ar an idirlíon

Cuireadh tús i 2007 leis an staidéar Cosmos faoi stiúir taighdeoirí ag Coláiste Impiriúil Londain (Imperial College London) agus ag Institiúid Karolinska sa tSualainn (Sweden).

Bhí ar dhaoine ceisteanna a fhreagairt faoi úsáid a bhfón póca agus seiceáladh clárlanna ailse chun féachaint an bhfuair siad ailse níos déanaí.

Bhí imní ann le fada go raibh tonnta leictreamaighnéadacha ó fhóin ina mbaol don tsláinte, ach níor aimsigh an staidéar aon nasc le riosca méadaithe ailse inchinne.

Dúirt an tOllamh Mireille Toledano, ón gColáiste Impiriúil: ‘Tá na torthaí seo dearfach mar go bhfuil difríocht shuntasach idir úsáid fóin phóca an lae inniu agus 20 bliain ó shin.’

Dúirt sé go bhfuil laghdú mór tagtha ar neart réimsí leictreamaighnéadacha.

Dúirt sé freisin: ‘Caitheann daoine, sa lá atá inniu ann, i bhfad níos lú ama freisin le fóin agus níos mó ama ar fhísghlaonna (video calls), ar na meáin shóisialta agus ar an idirlíon.’

Dúirt an tOllamh Paul Elliott, ón gColáiste Impiriúil freisin: ‘Is é seo an staidéar leantach ilnáisiúnta fadtéarmach is mó ar domhan atá deartha go sonrach chun rioscaí sláinte féideartha a bhaineann le húsáid fón póca a fhiosrú.

‘Ní bhfuaireamar aon fhianaise go bhfuil baint ag úsáid fadtéarmach nó trom fón póca le riosca siadaí (tumours) inchinne coitianta.’

Foilsíodh torthaí na foirne san iris, Environment International. Dúirt siad nach raibh difríocht mhór idir siadaí inchinne i measc an 10% de na daoine a chaith an líon is mó uaireanta ar fhón póca agus iad siúd a d’úsáid an fón póca i bhfad níos lú.

Chlúdaigh an staidéar daoine sa tSualainn, san Ísiltír, san Fhionlainn, sa Danmhairg, sa Bhreatain agus sa Fhrainc.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram