Gearrtar fíneáil €8,000 ar altra, Anne Rossi, as jabanna mídhleathacha Botox a thabhairt do chliaint

20/03/2024

Dhiúltaigh an Breitheamh achomharc (appeal) Rossi, ag rá gur chuir sí cóireálacha (treatment) ar fáil gan oideas (prescription)

Gearradh fíneáil €8,000 ar altra, Anne Rossi, ar achomharc as cóireálacha Botox a thabhairt go neamhdhleathach do chliaint ag a salon.

Rinne an tÚdarás Rialála Táirgí Sláinte (Health Products Regulatory Authority, HPRA) ionchúiseamh in aghaidh Anne Rossi, a reáchtálann Anne Rossi Skin and Beauty Salon ag Ascaill Vernon, Cluain Tarbh (Clontarf), Baile Átha Cliath 3.

Anne Rossi Pic Collins Courts
Anne Rossi Pic Collins Courts

Phléadáil sí neamhchiontach i ngach cúiseamh ina choinne.

Ghearr Cúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath, i mí Feabhra na bliana seo caite, €10,000 san iomlán i bhfíneálacha, le hocht mí le híoc, ach rinne Ms Rossi achomharc i gcoinne a ciontuithe.

Ina breithiúnas, a d’fhoilsigh an tSeirbhís Chúirteanna an tseachtain seo caite, dúirt an Breitheamh Jennifer O’Brien ó Chúirt Chuarda Choiriúil Bhaile Átha Cliath, gur líomhnaíodh, ar dhátaí éagsúla idir Samhain 2014 agus Feabhra 2015, gur altra í Ms Rossi, a bhí cláraithe leis an stát, ag obair mar sciamheolaí (beautician); agus  gur chuir sí cóireáil ar fáil do Botox mar chuid dá seirbhís gan na hoideas (prescription) riachtanacha a fháil ó dhochtúirí.

Thug beirt duine fianaise faoi chóireálacha a fuair siad.

Ghabh oifigigh an HPRA méid Dysport le linn cuardaigh ar a clinic.

Dúirt an breitheamh go bhfuil tocsain botulinum 3 cineál A ag Dysport, ar a dtugtar Botox de ghnáth, agus is druga ar oideas amháin é, a úsáidtear chun críocha cosmaideacha agus chun cuma na roic (wrinkles) a laghdú.

Dúirt an Dr Mukesh Lalloo, speisialtóir máinlia craicinn a oibríonn as clinic HSE i mBaile Átha Cliath, leis an gcúirt go raibh imní air faoi othar ar thug sé cóireáil dó tar éis di freastal ar chlinic Ms Rossi i gCluain Tarbh.

Rinne sé tuairisc don HPRA faoi. Dúirt an breitheamh gur thug sé fianaise go bhféadfadh Botox a bheith contúirteach, agus go gcaithfidh dochtúir leighis é a thabhairt.

‘Thug sé fianaise go bhféadfadh pairilis iomlán san aghaidh a bheith mar thoradh ar an táirge má dhéantar instealladh mícheart,’ a dúirt sí.

I ráiteas don HPRA, dheimhnigh Ms Rossi go raibh sí ag tabhairt Botox d’othair, agus go raibh Dysport faighte aici ón mBreatain.

Dúirt sí go raibh an táirge á riar aici le tuairim is bliain agus í ‘idir dhochtúirí’ agus nach raibh sí in ann teacht ar dhochtúir.

Dúirt Ms Rossi go dtaispeánfadh sí dá cliaint na réimsí ina raibh Botox ag teastáil uathu, agus go gcuirfeadh sí isteach iad ansin, ag gearradh táillí idir €250 agus €300 in aghaidh an tseisiúin.

Dúirt sí go raibh sí oilte i riar Botox agus go raibh teastas aici chun é sin a chruthú.

Dúirt beirt bhan a d’fhreastail ar a clinic do Botox leis an gcúirt nach raibh aon ghearán acu faoin gcóireáil a bhí acu.

Dúirt abhcóide Ms Rossi leis an gcúirt gur táirge údaraithe é an druga a d’fhéadfaí a dhíol ar an margadh.

Dúirt an Breitheamh O’Brien gur sholáthair Ms Rossi go feasach táirge ar oideas amháin atá Dysport agus gur chuir sí an táirge seo ar an margadh gan oideas riachtanach.

Dhiúltaigh sí achomharc Ms Rossi, agus d’ordaigh sí go n-íocfadh sí €8,000 san iomlán i bhfíneálacha, laistigh de shé mhí, móide €5,000 i gcostais.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram