Tar éis Leo, cé a bheidh ina chéad cheannaire eile ar Fhine Gael? Is é seo an bealach a roghnófar iad

20/03/2024

Tá ceathrar príomh-iarrthóirí ag súil le seasamh le bheith mar an chéad cheannaire eile ar Fhine Gael agus an chéad Taoiseach eile tar éis Leo, beirt fhear agus beirt bhan

Tá sé ráite ag leascheannaire Fhine Gael Simon Coveney nach lorgóidh sé ceannaireacht an pháirtí tar éis éirí as Leo Varadkar.

Dúirt an tUasal Coveney go ndearna sé ‘cinneadh tamall ó shin nach seasfadh sé i gcomórtas ceannaireachta eile’.

Ag labhairt dó ar Six One ar RTÉ, dúirt an tAire Fiontar (Enterprise Minister): ‘Bhí mo sheans agam agus níor éirigh liom an uair dheireanach, sílim go bhfuil neart tallainne sa pháirtí.’

Seo iad na daoine a bhfuiltear ag súil a bheidh ina n-iomaitheoirí do cheannaireacht Fhine Gael agus chun a bheidh ina Thaoiseach freisin:

Simon Harris 4

Simon Harris

Feictear Simon Harris mar an duine a bhfuiltear ag súil leis a bheith ina bhuaiteoir ag na geallghlacadóirí, agus tá go leor daoine i bpáirtí Fhine Gael ag rá go bhfuil an fuinneamh aige, atá ag teastáil chun an páirtí a threorú.

Is iar-aire sláinte é Harris agus tá sé ina Aire Ardoideachais faoi láthair. Bhí sé ina aire dhlí agus cirt sealadach freisin nuair a bhí a chomhghleacaí den pháirtí Helen McEntee ar saoire mháithreachais (maternity leave).

Tá an TD, 37 bliain d’aois, as Cill Mhantáin (Wicklow) ar dhuine de na daoine is óige sa Chomh-Aireacht.

Paschal Donohoe

Paschal Donohoe

Measann go leor daoine go bhfuil an tAire Caiteachais Phoiblí (Minister for Public Expenditure) seasta agus iontaofa (steady and reliable). Bhí tuairimíocht ann anuraidh go nglacfadh sé leis an bpost mar cheannaire ar an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (International Monetary Fund, IMF), ach is cosúil go bhfuil Kristalina Georgieva ag fanacht sa ról ar feadh an dara téarma.

Dúirt Donohoe nach bhfuil sé ag iarraidh an ról sin, an tseachtain seo caite, rud a thug seans dó a bheith ina iarrthóir le bheith mar an chéad cheannaire eile ar Fhine Gael.

Heather Humphreys 1

Heather Humphreys

Is í Heather Humphreys, TD an Chabháin-Mhuineacháin (Cavan-Monaghan), an tAire Coimirce Sóisialaí (Minister for Social Protection) faoi láthair agus tá an-mheas uirthi sa pháirtí. Tá maoiniú á thabhairt aici ar fud na tíre óna roinn eile, Forbairt Tuaithe agus Pobail (Rural and Community Development).

Feictear í freisin mar iarrthóir maith vótaí go háitiúil, tar éis di a bheith tofa ar an gcéad chomhaireamh sa dá olltoghchán deiridh.

helenmcentee

Helen McEntee

Is minic a luadh ainm Helen McEntee mar iarrthóir. Mar sin féin, tá an tAire dlí agus cirt cáinte mar gheall ar roinnt saincheisteanna lena n-áirítear círéibeacha Bhaile Átha Cliath (Dublin riots) agus imní faoi choireacht (crime) agus sábháilteacht (safety).

Tháinig sí slán as rún neamhmhuiníne (motion of nó confidence) de chuid Shinn Féin go déanach anuraidh.

An bealach a roghnófar an chéad cheannaire eile

Beidh ceannaire nua i bhfeidhm ag Ard Fheis Fhine Gael Dé Sathairn 6 Aibreán.

Fágann sin gur fíorbheagán ama do bhaill an pháirtí toghchán a gceannaire nua a eagrú agus ligean do na hiarrthóirí dul i mbun feachtais.

Beidh ainmniúcháin (nominations) le bheith mar an chéad cheannaire eile ar Fhine Gael ar siúl ó 10am ar maidin Deardaoin go dtí Dé Luain ag 1pm, de réir tuairisc ar RTÉ.

Ní mór d’iarrthóirí a bheith ainmnithe ag seisear ball ar a laghad den pháirtí parlaiminteach, ar a bhfuil Teachtaí Dála, Seanadóirí agus Feisirí Eorpacha (MEPs).

Beidh trí chruinniú réigiúnacha le hiarrthóirí Dé Máirt, Dé Céadaoin agus Déardaoin na seachtaine seo chugainn.

Is ionann na 54 ball den pháirtí parlaiminte agus 65% den vóta iomlán; is ionann na 20,000 ball páirtí agus 25%; agus is ionann na 249 ionadaí áitiúil agus 10% den vóta.

Déanfar vótáil ar fud na tíre ag níos mó ná 20 stáisiún vótaíochta ón 2-4 Aibreán.

Fógrófar an toradh ag an 5 Aibreán.

Chuir Leo Varadkar é féin as an áireamh le bheith ina Choimisinéir AE.

Dúirt sé le hiriseoirí: ‘Ní domsa é’, cé go rabhthas ag súil i gcónaí go líonfaí an post ag duine de chuid Fhianna Fáil.

Dúirt Leo Varadkar freisin go bhfanfaidh sé ina TD de chuid Fhine Gael do Bhaile Átha Cliath Thiar, agus nach bhfuil cinneadh déanta aige fós an mbeidh sé ag seasamh sa chéad olltoghchán eile.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram