

Tá méadú tagtha ar an méid airgid atá le caitheamh ag teaghlaigh – ach ní mar sin atá an scéal nuair a chuireann tú boilsciú san áireamh.
Tá méadú 5.8% go €55,149 sa bhliain ar an Meánioncam Indiúscartha (Median Disposable Income) – Tá méadú 5.8% go €55,149 sa bhliain ar an meánioncam indiúscartha – is é sin an méid airgid atá le caitheamh ag teaghlach, ar an meán.
Ach tá sé síos 1.9% nuair a athraítear é do bhoilsciú (inflation), de réir na sonraí ón bPríomh-Oifig Staidrimh.
Ba é an fíor-Meánioncam Indiúscartha (Median Disposable Income), nuair a athraítear é do bhoilsciú ar leibhéil 2019, ná €50,162, laghdú de €958 ón mbliain roimhe sin.
Ar an meán, fuair teaghlaigh €1,509, sin 86.9% den ollioncam seachtainiúil, ó fhoinsí margaidh mar fhostaíocht, pinsin agus ioncam eile, agus tháinig €227 eile ó aistrithe sóisialta (social transfers).

Tar éis cáin, árachas sóisialta (social insurance) agus ranníocaíochtaí pinsin a asbhaint agus aistrithe idir theaghlaigh a íocadh, b’ionann an figiúr seo agus €1,205.
Bhí meánioncam seachtainiúil de €297 ag an 10% de na teaghlaigh a raibh an t-ioncam indiúscartha (disposable income) is ísle acu. Tháinig €62 de sin ó fhoinsí margaidh agus €235 ó aistrithe sóisialta. Tar éis asbhaintí, b’ionann é sin agus €281 in aghaidh na seachtaine.
Do theaghlaigh i sa lárphointe, ba é an meánioncam seachtainiúil ná €1,223, comhdhéanta de mheánioncam margaidh €941 agus €282 in aistrithe sóisialta. Tar éis asbhaintí, b’ionann an figiúr seo agus €972.
Bhí meánioncam seachtainiúil de €5,205 ag teaghlaigh sa 10% is airde, ar tháinig 97% de sin ó fhoinsí margaidh (€5,048) agus 3% (€153) ó aistrithe sóisialta. Tar éis asbhaintí, bhí €3,053 in ioncam indiúscartha ag teaghlaigh sa 10% ba mhó.
Dúirt Brian Cahil, staitisteoir leis an bPríomh-Oifig Staidrimh: ‘Léiríonn na torthaí ó 2023 méadú ar ioncam teaghlaigh ón mbliain roimhe sin, ach nuair a choigeartaítear (adjust) é do bhoilsciú feicimid go bhfuil fíor-ioncam teaghlaigh tite i rith na bliana.
‘Mar sin féin, d’athraigh sé seo go mór de réir deicíl, áit a bhfuil teaghlaigh rangaithe ón ioncam indiúscartha is ísle go dtí an líon is airde.’
Bhí tábhacht ag baint leis na n-íocaíochtaí costais mhaireachtála a fógraíodh i mbuiséid le déanaí, toisc gur thit riosca na bochtaineachta go 10.6% ó 12.5% in 2022. Mar sin féin, tugann an tuarascáil dá haire gur dócha go méadófaí an riosca bochtaineachta gan na híocaíochtaí breise seo.

€55,149 Ioncam airmheánach diúscartha líon tí in 2023, méadú 5.8%. Ag coigeartú de bharr boilscithe, laghdú 1.9% ar ioncam in 2023
10.6% de dhaoine i mbaol bochtaineachta in 2023, le hais 12.5% in 2022
13.6%de dhaoine i mbaol bochtaineachta in 2023 coigeartaithe de bharr boilscithe**, le hais 12.5% in 2022
Bheadh 13.0% de dhaoine i mbaol bochtaineachta murach na bearta costais maireachtála le hais 12.5% in 2022
*Baineann ioncam SILC 2023 le bliain féilire 2022. Nuashonraíodh sonraí ó 2022 ar an 07/03/2024. **Arna ríomh le tairseach boilscithe coigeartaithe 2022
Dúirt Cahil: ‘Thit céatadán na ndaoine atá i mbaol bochtaineachta in 2023 i gcomparáid le 2022, áfach, dá gcuirfí as an áireamh bearta costais mhaireachtála a íocadh le teaghlaigh in 2022 bheadh an ráta atá i mbaol bochtaineachta ardaithe.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.