

Tá ráiteas cumhachtach eisithe ag an Uachtarán Micheál D Ó hUigínn ag cáineadh iad siúd atá ag cur bac ar chabhair do na teaghlaigh Phalaistíneacha atá ag fulaingt i nGaza.
Dúirt an tUachtarán Ó hUigínn go bhfuil sé scannalach go bhfuil bac á chur ar chabhair dhaonnúil (humanitarian aid) agus soláthairtí leighis (medical supplies) dul isteach i nGaza.

Agus ní mór do na náisiúin sin atá freagrach as ligean don imshuí (blockade) leanúint ar aghaidh ‘freagracht a ghlacadh as na básanna atá le teacht’, a dúirt sé.
Cháin an tUachtarán Ó hUigínn freisin an ‘feachtas bolscaireachta (propaganda campaign)’ i gcoinne na Náisiún Aontaithe agus d’iarr sé ar thíortha cúnamh a mhéadú do ghníomhaireacht dídeanaithe (refugee agency) Palaistíneacha na Náisiún Aontaithe (UNRWA).
Thug an tUachtarán Ó hUigínn a rabhadh: ‘Ní féidir le duine ar bith a rá nach raibh a fhios acu cad iad na hiarmhairtí (consequences) a bheadh ar easpa gnímh’ mura sroichfear sos cogaidh go luath agus tuairiscí go raibh ocras orthu siúd atá fós ina gcónaí in Gaza.
Dúirt an tUachtarán Ó hUigínn gur ‘séanadh uafásach ar dhaonnacht na ndaoine atá ag fáil bháis den ocras’ é bac a chur ar thrucailí cúnaimh ag ‘lonnaitheoirí antoisceacha (extremist settlers)’.
Níl aon sos cogaidh fós i nGaza agus pobal Moslamach ag ullmhú chun tús a chur le Ramadan.
Tá imní ann le seachtainí beaga anuas maidir le soláthar cúnaimh dhaonnúil agus bia sa réigiún mar go bhfuil na milliúin duine ag fáil ocras tar éis míonna coinbhleachta.
Dúirt an tUachtarán Ó hUigínn go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanfadh gach tír ar domhan ‘gach rud atá ar a gcumas a chinntiú go seachnófar tubaiste dhaonnúil’ in Gaza.
Dúirt sé go bhfuil an cás sa réigiún ceann ‘nach féidir an pobal domhanda a aird a tharraingt uaidh’ agus gur ‘cúis bheatha agus báis’ é.
Tá roinnt tíortha, lena n-áirítear Meiriceá, tar éis tosú ar bhia agus ar chúnamh eile a thabhairt isteach in Gaza, ach tá an-chuid fadhbanna le sin.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.