

An raibh tarraingt (draw) níos deacra riamh d’fhoireann Éireannach ag leibhéal sinsearach idirnáisiúnta – ag mná nó ag fir – ná mar a fuair Eileen Gleeson Dé Máirt.
Tá tarraingt cháilitheach (qualifying draw) chrua Euro 2025 tar éis Éire a chur in aghaidh trí cinn de na ceithre fhoireann a bhí sna cluichí leathcheannais (semi-finals) sna Euros deireanacha – an Fhrainc, Sasana agus an tSualainn (Sweden).
Mar sin tá sé deacair – ach ní dodhéanta – iarracht a dhéanamh teacht ar rudaí dearfacha as sin.

Mar sin féin, bhíomar i bPota 1, dúshlán dian a bhí ann ar aon nós, agus ar a laghad seachain muid Seaimpíní an Domhain, An Spáinn.
Mar atá sé, beidh an Fhrainc ár bhfoireann is deacra a imirt.
Sa chluiche is déanaí leis an bhFrainc, roimh Chorn an Domhain anuraidh, chaill Éire, 3-0.
Cluiche mór a bheidh an ceann in aghaidh Shasana do lucht leanúna na hÉireann ar an dá thaobh den teorainn – agus beidh foireann na bhfear ag tabhairt aghaidh ar an ‘Old Enemy’ i Sraith na Náisiún (Nations League) níos déanaí i mbliana freisin.
Murab ionann agus fir Shasana, áfach, is iad mná Shasana Seaimpíní na hEorpa agus iad sa dara háit i gCorn an Domhain.
Idir an dá linn, tá neart staire le déanaí ag an tSualainn le Mná na hÉireann. Tagann na Sualainnigh isteach san fheachtas mar an fhoireann is fearr i bPota 3.
Chríochnaigh siad sa tríú háit ag Corn an Domhain an samhradh seo caite agus d’imir siad in aghaidh na hÉireann sna céimeanna cáilithe do chomórtas na hAstráile/na Nua-Shéalainne.
Ina ainneoin sin, áfach, d’éirigh le hÉirinn an cluiche a chríochnú 1-1, as baile in Gothenburg ,cé gur chailleamar an cluiche sa bhaile, 1-0.
Mar sin, beidh sé an-deacair dúinn críochnú sa dá áit is airde sa ghrúpa.

Mar sin féin, nuair a bhogamar suas go Sraith A, d’éirigh na cluichí níos deacra. Agus tharla sé sin nuair a bhí Gleeson ina bhainisteoir sealadach.
Bhí a taobh thar cionn agus bhí sé bua as a chéile acu i nGrúpa B1 – le 20 cúil a scóráil agus ach dhá chúl a liginn isteach.
Chuir sé sin Éire ar an leibhéal is airde san Eoraip, rud a thagann le roinnt buntáistí suntasacha – taobh amuigh de chaighdeán ard an fhreasúra.
Beidh an dá thaobh íochtair sa ghrúpa ceithre fhoireann ag dul isteach sna cluichí réitigh (play-offs), i mí Dheireadh Fómhair agus i mí na Samhna.
Mar sin, bheadh cáilíocht uathoibríoch (automatic) mar thoradh ar chríoch sa dá cheann is fearr sa ghrúpa, ach pé rud a tharlóidh beidh seans ag Mná na hÉireann dul ar aghaidh mar gheall ar na cluichí réitigh.

Anuas air sin, beidh Éire in aghaidh foireann i Sraith C sa chéad bhabhta de na cluichí eile – rud ba cheart a bheith éasca go leor.
Chomh dona agus a bheidh sé d’Éirinn sna míonna amach romhainn, ar a laghad tá an seans sin acu.
Agus, mar a dúirt Denise O’Sullivan ar na meáin shóisialta díreach tar éis na tarraingthe Dé Máirt: ‘Theastaigh uainn a bheith anseo, táimid anois. Ar aghaidh linn!’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.