Fiosrúchán ar garda as rothar a thabhairt d’fhear scothaosta

Thug bleachtairí an rothar ar ais ón bhfear scothaosta ina dhiaidh sin

Cuireadh garda a thug rothar d’fhear scothaosta – ach nár éirigh leis an bpáipéarachas (paperwork) a líonadh isteach –  ar fionraí ar feadh trí bliana fad is a bhí sé á fhiosrú.

Thug an Garda an rothar don fhear, a raibh cónaí air i gceantar tuaithe, le linn na paindéime Covid-19 – agus tá sé faighte amach ag an bhfiosrúchán anois nach ndearna sé aon rud mícheart.

Chuir Coimisinéir an Gharda Síochána an garda, a bhí san fórsa le fada an lá, ar fionraí ar feadh trí bliana, fad is a bhí an cás á fhiosrú ag am Biúró Náisiúnta um Imscrúdú Coiriúil (National Bureau of Criminal Investigation).

Drew Harris
Drew Harris

Thug an garda, atá bunaithe i lár na tíre, an rothar don fhear scothaosta tar éis don rothar a bheith fágtha i stáisiún na nGardaí ar feadh tamaill.

Bhí fadhb ag an fhear leis an rothar féin ag an am.

Thug bleachtairí an rothar ar ais ón bhfear scothaosta ina dhiaidh sin agus chuardaigh siad teach an gharda i mí an Mheithimh 2020.

Bhí an garda ar ais ag obair mar a bhí i mí Lúnasa na bliana seo caite, tar éis don imscrúdú a bheith curtha i gcrích agus fuarthas amach nach raibh aon chás coiriúil le freagairt aige.

Le linn an ghnímh smachtaithe, áfach, bhí sé teoranta do ‘dhualgais shrianta’, rud a chiallaigh nach raibh sé in ann déileáil leis an bpobal.

Tháinig an cás os comhair boird ar a raibh gairmí dlí (legal professional), ceannfort (superintendent) agus príomh-cheannfort, nach raibh baint acu leis an gcás.

Bhí cúig chúiseamh os comhair an gharda lena n-áirítear iompar díchreidiúnach (discreditable conduct) , easumhlaíocht  (disobedience), mí-úsáid mhaoine agus faillí dhualgais.

Reáchtáladh éisteacht cheithre lá, coicís ó shin, agus dhiúltaigh an Bord, Dé Máirt, na cúig chúiseamh a bhí ina choinne agus tá siad le tuarascáil a fhoilsiú ar an ábhar.

Seolfar cinneadh an bhoird chuig Coimisinéir an Gharda, Drew Harris, a fhéadfaidh cinneadh a dhéanamh glacadh leis nó diúltú dó.

Tá fáilte curtha ag Cumann Ionadaíochta an Gharda Síochána (Garda Representative Association, GRA) roimh an gcinneadh ach dúirt siad gur chuid de chur chuige smachta a bhí ann, ‘chur ar fionraí ar dtús, chur ceisteanna ar ball’.

Dúirt an tArd-Rúnaí GRA Ronan Slevin: ‘Ba chás é seo inar cuireadh deireadh le póilíneacht mhaith, réasúnta pobail atá ag croílár na fáthanna a bhfuil muinín ionainn ag na daoine a bhfreastalaímid orthu.

Thug an Garda an rothar don fhear, a raibh cónaí air i gceantar tuaithe, le linn na paindéime Covid-19
Thug an Garda an rothar don fhear, a raibh cónaí air i gceantar tuaithe, le linn na paindéime Covid-19

‘Creidim go bunúsach gur baineadh úsáid as “sledgehammer” disciplín chun cnó a bhriseadh agus rinneadh dochar do cháil an ball a bhí ann le fada, ceistíodh a mhacántacht agus cuireadh a shlí bheatha i mbaol.’

Dúirt Uachtarán an GRA Brendan O’Connor: ‘Is léiriú é seo ar an atmaisféar agus ar an gcultúr san eagraíocht atá ag brú daoine amach.’

I ráiteas, dúirt Ceanncheathrú an Gharda Síochána nach ndéanann an Garda Síochána trácht ar phróisis smachtaithe aonair lena n-áirítear toradh na mBord Fiosrúcháin aonair.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram