Bainisteoir Jack O’Connor ag labhairt ar son laoch Chiarraí  David Clifford tar éis ‘fracas’

04/03/2024

Deir O’Connor gur chuir an t-aighneas sa chluiche idir Ciarraí agus Tír Eoghain ‘beagán beocht isteach inár leaids – cad atá cearr leis sin?’

Tá bainisteoir peile Chiarraí Jack O’Connor ag cosaint a chuid imreoirí tar éis an ‘fracas’ sa chluiche in aghaidh Thír Eoghain Dé Domhnaigh.

Thosaigh an choimhlint idir laoch Chiarraí David Clifford agus Conn Kilpatrick as Tír Eoghain ar an 14ú nóiméad – agus tháinig níos mó imreoirí isteach ann.

David Clifford
David Clifford

Nuair a ceistíodh é faoi ról Clifford sa troid, dúirt O’Connor: ‘Ní dóigh liom go bhfuil sé in intinn David Clifford dul ag dornálaíocht, cad a cheapann sibh a leaids?

‘B’fhearr leis cloí leis an bpeil. Tá tú ag déanamh go leor as,’ a dúirt sé mar fhreagra ar an cheist.

Agus cheap an bainisteoir gur chabhraigh an ‘fracas’ le beocht a chur isteach sa chluiche.

Nuair a fiafraíodh de conas a thosaigh an troid dúirt sé: ‘Ní raibh sé sin d’aon ghnó ar chor ar bith anois. Nílim ró-chinnte cad ba chúis leis, liathróid líne nó rud éigin a bhí ann.’

Fear sásta ab ea O’Connor mar gheall ar na scileanna a bhi ag imreoirí Ciarraí tar éis dó buachan in aghaidh Thír Eoghain, 0-18 in aghaidh 1-11.

Jakc O'Connor
Jakc O’Connor

Sin é a bhí ag teastáil uathu tar éis dóibh cailliúint le difríocht 10 bpointe sa chluiche in aghaidh Áth Cliath an tseachtain seo caite, cluiche ar chuir O’Connor síos air mar chluiche ‘do-ghlactha (unacceptable)’.

Bhí sé sásta freisin leis an mbealach a d’imir a chuid imreoirí.

Bhí Ciarraí i gceannas ar feadh an chuid is mó den chluiche agus tá sé phointe acu anois i Roinn 1 agus cabhróidh sin freisin leo déileáil leis an gcailliúint mhór do Bhaile Áth Cliath.

Dúirt O’Connor: ‘Seachtain chrua a bhí ann, gan dabht faoi, go leor “soul searching”, an-chuid comhrá.

‘Tá tú ag súil go gcuirfear an obair a dhéanann tú ansin, dhá sheisiún traenála réasúnta, chuig an gcluiche ansin.

‘Déarfainn gur imir muid go maith sna paistí inniu, ach ar ndóigh d’éirigh muid beagán “sloppy” gar don deireadh.

‘Tríd is tríd, feabhas mór a bhí ann ón tseachtain seo caite, ach sílim go bhfuil tuilleadh spáis againn le feabhsú fós. Caithfimid obair air sin anois go ceann coicíse.’

Dúirt O’Connor freisin faoin gcluiche in aghaidh Bhaile Átha Cliath an tseachtain seo caite: ‘Tá na Dubs an-mhaith agus bhí siad i gceart air ar an oíche. Ach bhíomar bocht.

‘D’oibríomar i rith na seachtaine ar na bunghnéithe a chur i gceart, an dearcadh a fháil i gceart. Bheith níos fearr ar ár “kickouts”. A bheag nó a mhór, shíl mé go raibh an cúpla rud sin ina gceart againn.’

Idir an dá linn, ní raibh bainisteoir Bhaile Átha Cliath, Dessie Farrell chomh paiseanta faoina mbua in aghaidh Dhoire, 1-16 in aghaidh 1-11, oíche Dé Sathairn – mar is dócha gur thug bainisteoir Dhoire Micky Harte sos do chuid dá imreoirí is fearr.

Dessie Farrell
Dessie Farrell

Dúirt Farrell: ‘Go ginearálta, shíl mé gur éirigh linn an cluiche a bhainistiú go maith. D’éirigh linn roinnt mhaith de a rialú sa chéad leath agus arís sa dara leath.

‘Choinnigh muid an scórchlár ag ticeáil. Táim sásta leis an mbealach a léirigh muid compord ann uaireanta.

‘Bhí muid in ann na scóir a bhaint amach chun an t-achar sin a choinneáil agus chun Doire a choinneáil amach nuair a bhí gá leis.’

Ní bheidh bainisteoir Dhoire Micky Harte ró-mhíshásta áfach. Seans gur lig sé a chuid imreoirí a scíth a ligean le go mbeadh siad réidh don chluiche ceannais.

I Roinn 1 faoi láthair, tar éis cúig chluiche, tá Doire chun tosaigh le 8 bpointe agus tá Áth Cliath, Ciarraí agus Maigh Eo ina dhiaidh sin, iad ar fad ar 6 phointe.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram