Léigh & pléigh: Na reifrinn (referendums) ar an 8 Márta: Cad a bhfuil muid ag vótáil ar a son – nó ina choinne?

01/03/2024

Baineann na hathruithe ar an mBunreacht (Constitution) atá molta sna reifrinn le ‘Teaghlach (family)’ agus ‘Mná sa bhaile’. Seo a bhfuil siad ag iarraidh a dhéanamh

Ar an 8 Márta, is féidir linn vótáil sna reifrinn ar dhá athrú atá molta ar ár mBunreacht a dhíríonn ar:

  1. an sainmhíniú (definition) ar theaghlach agus cúram (care) sa bhaile;
  2. tagairtí (references) do mhná sa bhaile.

Mar sin beidh daoine in ann dhá vóta ar leith a chaitheamh sna reifrinn, ceann ar pháipéar ballóide bán agus ceann ar pháipéar ballóide glas.

Beidh daoine in ann dhá vóta ar leith a chaitheamh sna reifrinn
Beidh daoine in ann dhá vóta ar leith a chaitheamh sna reifrinn

1. Cad atá molta sa reifreann ar ‘Teaghlach’?

Baineann an chéad cheist ar pháipéar ballóide bán le hAirteagal 41.1.1 agus le hAirteagal 41.3.1 den Bhunreacht, agus baineann an dá Airteagal leis an teaghlach.

Sonraítear in Airteagal 41.1.1° faoi láthair:  ‘Admhaíonn an Stát gurb é an Teaghlach is buíon-aonad príomha bunaidh don chomhdhaonnacht (society) de réir nádúir, agus gur foras morálta é ag a bhfuil cearta doshannta dochloíte is ársa agus is airde ná aon reacht daonna.’

Deir lucht feachtais (campaigners) nach n-aithníonn an líne seo cineálacha éagsúla teaghlach. Tá sé molta go n-athrófaí an líne seo chun aitheantas a thabhairt do theaghlach ‘cibé acu ar phósadh nó ar chóngais bhuanfasacha eile a bunaíodh iad’.

Baineann an dara cuid den cheist seo le hAirteagal 41.3.1, a deir faoi láthair: ‘Ós ar an bPósadh atá an Teaghlach bunaithe gabhann an Stát air féin coimirce (protection) faoi leith a dhéanamh ar ord an phósta agus é a chosaint ar ionsaí.’

Tá sé beartaithe go n-athrófaí an líne seo go simplí chun a rá: ‘Geallann an Stát é féin chun foras an Phósta a chosaint le cúram speisialta, agus é a chosaint ar ionsaí.’

vote4

2. Cad atá molta sa reifreann ‘Mná’?

Beartaítear sa reifreann seo ar pháipéar ballóide glas na hAirteagail 41.2.1° agus 41.2.2° reatha a scriosadh agus Airteagal 42B nua a chur isteach.

Seo iad na hAirteagail 41.2.1° agus 41.2.2°:

41.2.1°: ‘Go sonrach, admhaíonn an Stát go dtugann an bhean don Stát, trína saol sa teaghlach, cúnamh nach bhféadfaí leas an phobail a ghnóthú dá éagmais.’

41.2.2°: ‘Uime sin, féachfaidh an Stát lena chur in áirithe nach mbeidh ar mháithreacha clainne, de dheasca uireasa, dul le saothar agus faillí a thabhairt dá chionn sin ina ndualgais sa teaghlach.’

Má éiríonn le vóta sna reifrinn bainfear an tagairt seo do ‘dhualgais sa teaghlach’ agus ina ionad sin tabharfar líne nua isteach.

Airteagal 42B: ‘Admhaíonn an Stát go dtugtar taca don Chomhdhaonnacht, ar taca é nach bhféadfaí leas an phobail a ghnóthú dá éagmais, de bhíthin cúram a bheith á thabhairt ag daoine de theaghlach dá chéile toisc na snaidhmeanna atá eatarthu, agus beidh an Stát ag dréim le tacú leis an gcúram sin a thabhairt.’

vote feat2

Conas is féidir vótáil sna reifrinn?

Is féidir le daoine atá cláraithe vótáil agus ba é an 20 Feabhra an dáta deiridh le haghaidh iarratas ar chlárú chun vótáil sna reifrinn nó sonraí a athrú.

Ní gá do chárta vótaíochta a bheith agat nuair a théann tú chun vótáil sna reifrinn. Ba chóir duit, áfach, cineál bailí aitheantais pearsanta a thabhairt leat, mar shampla pas (passport), ceadúnas tiomána, cárta seirbhísí poiblí, nó cárta aitheantais fostaí nó mic léinn ar a bhfuil grianghraf.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram