Rabhadh le sneachta toirneach (thunder snow)! Éire ar an airdeall maidir le feiniméan aimsire nua

29/02/2024

Tá an t-athrú aeráide ag tabhairt aimsire éagsúla go hÉirinn lena n-áirítear meascán de shneachta, toirneach – agus beidh sé f-f-f-f-uar

Tá feiniméan nua ar an mbealach! Tugtar sneachta toirneach (thunder snow) air, a deir Met Éireann.

Táthar ag súil go dtitfidh an teocht agus d’fhéadfadh drochaimsir ‘sneachta toirneach’ a bheith ar an mbealach.

De réir réamhaisnéis (forecast) Met Éireann tosóidh Márta Dé hAoine mar mhí fhuar.

Tá an teocht le titim  agus táthar ag súil go mbeidh sé chomh ísle le -3C
Tá an teocht le titim agus táthar ag súil go mbeidh sé chomh ísle le -3C

Tá feiniméan (phenomenon) annamh sneachta le haer fhuar, agus tá Met Éireann ag tuar go mbeidh ceathanna ann chomh maith le stoirmeacha toirní an deireadh seachtaine seo.

Chomh maith leis sin, tá an teocht le titim agus táthar ag súil go mbeidh sé chomh ísle le -3C i gcodanna áirithe den tír.

Bhí aimsir fhuar á réamhaisnéis ag Met Éireann le haghaidh maidin Déardaoin, le teocht íseal.

Idir 1C agus 4C a bheidh siad agus táthar ag súil le gaotha measartha.

Beidh an Déardaoin fós fuar i rith an lae, le tréimhsí gréine agus ceathanna.

Beidh cuid de na ceathanna  trom agus seans go mbeidh clocha sneachta agus flichshneachta ar thalamh níos airde.

Beidh na ceathanna níos láidre sa leath thiar den tír, agus aimsir níos tirime níos faide san oirthear. Beidh na teochtaí is airde idir 5C agus 8C.

Beidh na teochtaí ísle oíche Déardaoin agus clúdóidh an bháisteach an tír ar fad – agus beidh sé trom.

Athróidh an bháisteach go flichshneachta uaireanta, agus táthar ag súil le sneachta ar thalamh ard. Beidh na teochtaí is ísle idir -2C agus 2C, le sioc agus oighear i roinnt áiteanna.

Beidh an Aoine, an chéad lá de Mhárta fós fuar, le tréimhsí gréine agus ceathanna. Titfidh cuid de na ceathanna mar chlocha sneachta agus sneachta.

D’fhéadfadh go dtitfeadh sneachta ar thalamh ard freisin, agus d’fhéadfadh stoirmeacha toirní a bheith ann freisin.

Idir 3C agus 6C a bheidh na teochtaí is airde, agus titfidh siad arís oíche hAoine go dtí idir -2C agus 2C le leac oighir agus sioc.

Beidh an Satharn fós fuar, le tréimhsí gréine agus ceathanna scaipthe.

Beidh oíche Sathairn fuar freisin, le tréimhsí soiléir agus ceathanna. Táthar ag súil le sioc agus oighear, le teocht chomh híseal le -3C.

Beidh an Domhnach fuar freisin le tréimhsí gréine agus ceathanna. Beidh na teochtaí is airde idir 4C agus 8C, le sioc agus oighear, agus beidh na teochtaí is ísle idir -2C agus 2C.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram