Buachaill beag do Chaptaen na Dubs agus a bhean

27/02/2024

Cuireann James McCarthy agus a bhean Clodagh fáilte roimh a gcéad leanbh

Tá sé fógartha ag captaen CLG Bhaile Átha Cliath James McCarthy agus a bhean Clodagh go bhfuil fáilte curtha acu roimh a gcéad leanbh le chéile.

Is ag an searmanas All Star i mí na Samhna seo caite a d’fhógair an buaiteoir Craobh na hÉireann naoi n-uaire agus Clodagh go raibh siad ag súil leis an leanbh, tar éis dóibh pósadh i 2022.

James McCarthy agus a bhean Clodagh
James McCarthy agus a bhean Clodagh

Anois, tá sé deimhnithe ag club McCarthy, Ciceam Baile Munna (Ballymun Kickhams), go raibh an leanbh ag Clodagh – mac dár thug siad Conall Michael McCarthy air.

‘Ba mhaith linn ár gcomhghairdeachas a thabhairt le James McCarthy agus a bhean Clodagh ar theacht an linbh Conall Michael McCarthy,’ a scríobh an club ar Facebook, agus rinne lucht leanúna James comhghairdeas leis féin agus le Clodagh as an nuacht iontach.

‘Dea-scéala, comhghairdeas leis an mbeirt,’ a dúirt duine amháin, agus dúirt duine eile ‘comhghairdeas libh beirt’.

Chuir James agus Clodagh tús lena gcaidreamh i 2015 sular iarr James uirthi pósadh in am Nollag i 2020, agus phós an lánúin i  gCaisleán Bhaile Lotrail (Luttrellstown Castle) i mBaile Átha Cliath, an áit chéanna inar phós David agus Victoria Beckham i 1999.

Phós an lánúin i  gCaisleán Bhaile Lotrail (Luttrellstown Castle) i mBaile Átha Cliath
Phós an lánúin i  gCaisleán Bhaile Lotrail (Luttrellstown Castle) i mBaile Átha Cliath

Bhuaigh James naoi gcinn de theidil Chraobh na hÉireann le Baile Átha Cliath, lena n-áirítear a sé chluiche as a chéile ó 2015 go 2020.

Bhí an chuma ar an scéal go raibh sé chun éirí as CLG idirchontae tar éis a mbua ar Chiarraí i 2023, ach d’fhill sé an séasúr seo agus iad ag cosaint a dteideal arís.

Bhuaigh James 13 Chraobh Shinsear Peile Laighean le Baile Átha Cliath freisin, agus bhuaigh sé Craobh Pheile Sinsear Chúige Laighean agus dhá Chraobh Shinsear Peile Átha Cliath le Ciceam Baile Munna (Ballymun Kickhams).


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram