Ar do rothar, Eamon! TDeanna in FF agus FG ar buile leis an Aire Iompair Ryan

27/02/2024

Deir Teachtaí Dála de chuid an Rialtais go bhfuil airgead á chaitheamh ag an Aire Eamon Ryan ar lánaí rothar sa chathair in ionad bóithre faoin tuath.

Nuair a bhí ceisteanna diana le sárú ag Aire na Meán agus leas-cheannaire an Chomhaontais Ghlais, Catherine Martin, ag coiste an Oireachtais oíche Máirt, bhí ceannaire a pháirtí faoi bhrú ón taobh istigh den Rialtas.

Tá teannas idir an Comhaontas Glas agus a gcomhpháirtithe de chuid Fhianna Fáil agus Fhine Gael maidir le deireadh a chur le tionscadail bóithre nua.

Aire Eamon Ryan
Aire Eamon Ryan

Tá ceannaire an Chomhaontais Ghlais agus an tAire Iompair Eamon Ryan cúisithe freisin as bac a chur ar thionscadail bóithre tuaithe agus airgead á úsáid chun lánaí rothar agus cosáin a fhorbairt i gcodanna dá thoghcheantar féin i mBaile Átha Cliath.

Tagann an teannas i ndiaidh tuairiscí le míonna beaga anuas go bhfuil boilsciú (inflation) tar éis €14 billiún a gearradh ón bPlean Forbartha Náisiúnta.

D’fhéadfadh go gciallódh sé sin, cé go bhfuil na lánaí rothar ag dul ar aghaidh, go bhfuil amhras ann faoi phleananna do Metrolink Bhaile Átha Cliath, Dart+, Conair Iarnróid an Iarthair (Western Rail Corridor), mótarbhealach nua an M20 agus uasghrádú ar an mbonneagar (infrastructure) bóithre, iarnróid agus rothar atá ann cheana féin.

Dúirt foinsí sinsearacha Rialtais go bhfuil an t-easnamh de €14 billiún agus an dóchúlacht (likelihood) go dtarlóidh olltoghchán go luath ag cur steach ar an Rialtas agus go bhfuil cinneadh a dhéanamh ar thionscadail mhóra bhonneagair a scriosadh go sealadach.

D’fhógair an Rialtas an tseachtain seo caite go bhfuil €412 milliún á chur ar fáil chun bóithre náisiúnta atá ann cheana a chothabháil (maintain).

Dúirt Colm Brophy, TD Fhine Gael: ‘Tá bóithre na hÉireann níos neamhshábháilte mar gheall ar an easpa cothabhála bóithre agus tógáil bóithre ná mar a bhí cúig bliana ó shin.’

Dúirt an tAire Ryan gurb é an tosaíocht i mbliana infheistíocht a dhéanamh in iompar poiblí, bealaí siúil agus rothaíochta.

Chuir TDeanna de chuid Fhine Gael agus Fhianna Fáil i leith an tUasal Ryan go bhfuil sé ag dul in aghaidh tionscadail bóithre d’aon ghnó, go háirithe i gceantair thuaithe.

Thug aire amháin foláireamh: ‘Tá deacracht ag baint leis seo. Tá aire againn a bhfuil cúig bliana caite aige ag cinntiú nach mbeadh bóithre a thógáil.”

Tá fearg ag ardú freisin laistigh d’Fhianna Fáil agus d’Fhine Gael mar gheall an tUasal Ryan agus scéim ‘Active Travel’ na Roinne Iompair.

Eamon Ryan, Leo Varadkar agus Micheál Martin
Eamon Ryan, Leo Varadkar agus Micheál Martin

Tagann sé nuair a thaispeánann figiúirí na scéime in 2024 go bhfuair áit pholaitiúil an Uasail Ryan de chuid Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath €60 milliún – níos mó ná an séú cuid den deontas iomlán de €348 milliún scaipthe thar 30 comhairle.

Thug an tÚdarás Náisiúnta Iompair (National Transport Authority, NTA) na cistí go húdaráis áitiúla le caitheamh ar lánaí rothar agus cosáin leathnaithe, ar dhroichid nua siúil agus rothaíochta, ar phríomhbhealaí rothaíochta agus ar trasrianra coisithe (pedestrian crossings).

Tá ceisteanna á n-ardú faoin gcaoi ar éirigh le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath (DCC), lena n-áirítear toghcheantar Bhaile Átha Cliath Theas an Aire Ryan, a dhá oiread maoinithe a fháil ná aon údarás áitiúil eile.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram