Beidh líon na marbh i nGaza níos mó ná 30,000, agus Iosrael ag ullmhú ionsaí ar Rafah

Fiú má tá sos cogaidh tá sé beartaithe ag Netanyahu ionsaí a dhéanamh ar Rafah, cathair i nGaza a thugann dídean do 1.5 milliún Palaistíneach.

Is dócha go mbeidh níos mó ná 30,000 marbh i nGaza faoi dheireadh na seachtaine seo, agus cainteanna ar sos cogaidh ag dul ar aghaidh.

Tá rialtas Iosrael ag beartú ionsaí a dhéanamh ar Rafah ar aon nós.

Thionóil an Príomh-aire Benjamin Netanyahu an comh-aireacht cogaidh (war cabinet) go déanach Dé Sathairn le haghaidh cruinnithe faisnéise le hidirbheartaithe (negotiators) a bhí ag cainteanna i bPáras.

Leanfadh an dá thaobh den chaibidlíocht le linn an tsosa le haghaidh scaoileadh breise agus sos cogaidh buan (permanent).
Leanfadh an dá thaobh den chaibidlíocht le linn an tsosa le haghaidh scaoileadh breise agus sos cogaidh buan (permanent).

An tseachtain seo, tiocfaidh an comh-aireacht cogaidh le chéile arís chun ullmhúcháin a phlé le haghaidh ionsaí ar Rafah, an baile teorann theas ina bhfuil foscadh (shelter) á lorg ag tuairim is 1.5 milliún Palaistíneach.

D’fhéadfadh go gcuirfeadh comhaontú moill ar an oibríocht sin, ach ní chuirfeadh sé cosc air, a dúirt Netanyahu.

Tá dul chun cinn áirithe déanta ag idirbheartaithe ó Iosrael, Catar (Qatar), an Éigipt agus na Stáit Aontaithe.

Thuairiscigh meáin Iosrael go gceadódh comhaontú scaoileadh 30 nó 40 giall – mná, daoine scothaosta (elderly) agus lucht créachtaithe (wounded) – mar mhalairt ar suas le 300 príosúnach Palaistíneacha, agus sos cogaidh a mhairfeadh suas le sé seachtaine.

Leanfadh an dá thaobh den chaibidlíocht le linn an tsosa le haghaidh scaoileadh breise agus sos cogaidh buan (permanent).

Chlúdódh an briseadh sa troid mí naofa Moslamach, Ramadan, a thosaíonn thart ar 10 Márta i mbliana, agus beidh méadú ar chúnamh.

Níl a ndóthain ag an gcuid is mó de 2.3 milliún duine Gaza agus deir gníomhaireachtaí cúnaimh go bhfuil gorta i gceantair áirithe.

Tá galair thógálacha (infectious) scaipthe go tapa agus is beag rochtain (access) atá ar chúram leighis, agus níl ach 13 cinn de na 34 ospidéal i nGaza ag feidhmiú.

Spreag na pleananna le haghaidh ionsaí ar Rafah, áit a bhfuil an oiread sin sibhialtach ag tabhairt foscadh, glaonna ar Iosrael srianadh a fheidhmiú.

Níl a ndóthain ag an gcuid is mó de 2.3 milliún duine Gaza agus deir gníomhaireachtaí cúnaimh go bhfuil gorta i gceantair áirithe.
Níl a ndóthain ag an gcuid is mó de 2.3 milliún duine Gaza agus deir gníomhaireachtaí cúnaimh go bhfuil gorta i gceantair áirithe.

Ach dúirt Netanyahu, a bhfuil ‘bua iomlán (total victory)’ geallta aige, go bhfuil gá le hoibríocht chun ceithre chathlán de throdaithe Hamas atá lonnaithe ann a fháil.

‘Ní féidir linn Hamas a fhágáil ina áit. Ní féidir linn an ceathrú cuid de chathláin Hamas a fhágáil i Rafah agus a rá, tá sé sin ceart go leor.

‘Má bhíonn comhaontú againn, cuirfear moill éigin ar ach tarlóidh sé. Mura bhfuil comhaontú againn, déanfaimid é ar aon nós. Caithfear é a dhéanamh,’ a dúirt sé.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram