Tá fiosrúchán bainc iarrtha ag Michael Lynn, a ciontaíodh as €18 milliún a ghoid. Tá Lynn chun achomharc (appeal) a dhéanamh freisin i gcoinne a chiontaithe agus an phianbhreith chúig bliana go leith a tugadh dó.
Cúpla uair an chloig tar éis pianbhreith a ghearradh, d’eisigh aturnaetha Lynn, Mulholland Law, ráiteas thar ceann Lynn ag iarraidh ar an Oireachtas binse fiosrúcháin (tribunal of inquiry) a bhunú chun ‘fhiosrú i gceart’ a dhéanamh ar lochtanna sa bhaincéireacht in Éirinn.
Ghoid Lynn, iar-aturnae agus forbróir réadmhaoine (property developer), an €18 milliún ó shé institiúid airgeadais.
Dúirt an Breitheamh Martin Nolan gur tharraing iompar Lynn droch-cháil ar a ghairm agus gur chuir sé strus mór ar dhaoine a bhí ag obair dó.
Dúirt an breitheamh go raibh ‘deis aimsithe ag Lynn sa chóras gnóthas’ – níor sheiceáil na bainc an raibh táillí cláraithe i gcoinne réadmhaoine nuair a fuair sé airgead ar iasacht chun iad a cheannach. D’úsáid sé an t-airgead ina ghnó réadmhaoine.
Sheas Lynn, atá 55 bliain d’aois, ag aistriú a mheáchan ó chos go cos, agus níor léirigh sé aon mhothúchán nuair a gearradh an phianbhreith air, i gCúirt Chuarda Choiriúil (Central Criminal Court) Bhaile Átha Cliath.
Dúirt an Breitheamh Nolan gurb é 16 bliana an phianbhreith cheart do choireanna Lynn, ach bhain sé trí bliana as fachtóirí maolaithe.
Chomh maith le sin bhain sé seacht mbliana go leith as mar gheall ar na ceithre bliana go leith a chaith sé i bpríosún sa Bhrasaíl agus é ag troid in aghaidh eiseachadadh (extradition).
Ghlac an breitheamh go raibh na coinníollacha ‘deacair’ le linn tréimhse Lynn i bpriosún sa Bhrasaíl.
Fuarthas Lynn, arb as Co Mhaigh Eo dó, agus a bhfuil seoladh aige ag Millbrook Court, An Chrois Dhearg, Co. Chill Mhantáin (Redcross, Co Wicklow), ciontach i mí na Nollag ar 10 gcúiseamh, a bhain le dátaí idir 23 Deireadh Fómhair 2006, agus 20 Aibreán, 2007.
Tógadh roinnt morgáistí amach ar na maoine céanna agus ní raibh na bainc ar an eolas faoi na hiasachtaí eile.
Ba iad na hiasachtóirí a bhí i gceist ná Irish Nationwide, National Irish Bank, Irish Life and Permanent, Banc Uladh, Banc ACC agus Banc na hAlban.
D’úsáid Lynn na cistí chun íoc as a impireacht réadmhaoine eachtrach agus a stíl maireachtála ‘extravaganta’ a chur i mbainc.
Dúirt abhcóide Lynn, Paul Comiskey-O’Keeffe BL, go raibh ‘fíricí ghrafacha… maidir le díchaipitliú (decapitation) agus coinníollacha ginearálta príosúin’ i mionnscríbhinn (affidavit) a chliaint sa Bhrasaíl.
Chomh maith le cleachtas dlí a oibriú, bhí baint ag Lynn le tionscadail tógála sa Phortaingéil, san Ungáir agus sa Bhulgáir trína chuideachta Kendar Holdings.
Ach thosaigh a scéim mhídhleathach ag teacht chun cinn in 2007 nuair a rinne an Dlí-Chumann (Law Society) imscrúdú ar a ghnólacht agus fuair siad ordú Ard-Chúirte i mí Dheireadh Fómhair na bliana sin, ag dúnadh a chleachtas agus ag urghabháil comhaid agus trealamh ‘IT’.
Theith Lynn Éire i mí na Nollag 2007 agus eisíodh ordú chun é a ghabháil tar éis dó teipeadh a thaispeáint san Ard-Chúirt le go ndéanfadh an Dlí-Chumann é a chroscheistiú.
Faoin tráth sin bhí sé faoi imscrúdú freisin ag Biúró an Gharda Síochána um Imscrúdú Calaoise, mar a tugadh air ag an am, agus bhí cuntais agus sócmhainní pearsanta bainc aige, chomh maith le cuntais a chuid cuideachtaí gaolmhara ar nós Kendar Holdings, reoite.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.