Tá géarchéim gortaithe Learpholl níos déine – agus seans go mbeidh ar Jurgen Klopp casadh ar a réaltaí Éireannacha chun trófaithe a bhuachan do Learpholl – agus sa cluiche in aghaidh Luton Town anocht (oíche Céadaoin).
Cuireadh Diogo Jota agus Curtis Jones as an áireamh do chluiche ceannais Chorn Carabao an deireadh seachtaine seo, tar éis an chluiche in aghaidh Brentford ag an deireadh seachtaine.
Ba é seo an chéad cheann de na trófaithe a bhfuil súil ag Klopp agus lucht leanúna Learpholl a bhuachan sula bhfágann an bainisteoir an club i rith an tsamhraidh.
Cuireadh iachall ar Jota agus Jones éirí as go luath i mbua 4-1 sa Príomhshraith (Premier League) ar Brentford an deireadh seachtaine seo caite le gortuithe glúine agus rúitín.
Tá scananna déanta agus tá sé ráite ag an bhfoireann leighis nach mbeidh siad ar fáil do na cluichí atá le teacht, ina measc an cluiche in aghaidh Luton Town Dé Céadaoin agus in aghaidh Chelsea Dé Domhnaigh.
Tagann caillteanas Jota agus Jones i ndiaidh cailleadh Trent Alexander-Arnold arís, le fadhb ghlúine, agus cúl báire Alisson a d’fhulaing gortú matáin (muscle) san oiliúint Dé hAoine.
Mar sin féin, is lú an dochar a rinne imeacht Trent agus Alisson san am a chuaigh thart mar gheall ar bheirt imreoir Éireannacha Conor Bradley agus Caoimhin Kelleher.
Bhí Kelleher ina chúl báire do Learpholl sa bhua 4-1 in aghaidh Brentford Dé Sathairn nuair a scóráil Darwin Nunez, Mo Salah, Alexis Mac Allister agus Cody Gakpo do Learpholl.
Agus d’imir sé freisin sa chluiche in aghaidh Burnley an tseachtain roimhe sin.
Tar éis an chluiche in aghaidh Brentford mhol Klopp Kelleher agus dúirt sé gur chóir go mbeadh sé mar rogha Uimh.1 agus Éire ag bogadh i dtreo todhchaí faoi bhainisteoir nua.
Dúirt sé: ‘Bhí sé ar fheabhas. Níl a fhios agam go díreach, le fírinne, cé hé an cúl báire is mó in Éirinn ach má tá cúl báire níos fearr acu ná Caoimhin caithfidh mé “Meas!” a rá.
‘Tá sé ar fheabhas agus i mbliana thugamar níos mó cluichí dó ná mar a bhí roimhe seo. Tá sé tuillte go maith mar tá sé de dhíth orainn.’
Labhair Klopp freisin faoin Éireannach óg Conor Bradley agus faoin gcaoi ar imir sé tar éis bhás a athar le déanaí.
Dúirt sé: ‘Bhí sé an-speisialta. Ach bhí sé speisialta roimh an deireadh seachtaine. D’imir sé cluiche den scoth.’
Bhí jab crua le déanamh ag Bradley nuair a tháinig sé ar an bhfód an mí seo caite, b’éigean dó áit an imreora réalta gortaithe Trent a ghlacadh.
Ach mhol Klopp é as a dhearcadh ‘den scoth’ ar imirt peile, tar éis cluiche dearfach idir Learpholl agus Bournemouth ag an am.
Tháinig sé chun cinn freisin mar ionadaí i gcluiche tríú babhta Chorn an FA in aghaidh Arsenal. Sa chluiche sin bhí Arsenal sa bhaile ach bhuaigh Learpholl.
Mar sin féin, ba é tástáil mhór Bradley nuair a thosaigh sé sa chluiche tábhachtach sa Phríomhshraith i gcoinne Bournmouth, a léirigh muinín mhéadaithe ón mbainistíocht san imreoir, atá 20 bliain d’aois. Agus chruthaigh Bradley go raibh an ceart ag Klopp an mhuinín sin a bheith aige.
D’imir Bradley a pháirt i mbua iontach 4-0 do Learpholl, a bhí ag imirt as baile.
Chuidigh sé leis an dara ceann de dhá chúl Diogo Jota ar oíche inar scóráil Darwin Nunez dhá chúl freisin.
Ina dhiaidh sin, mhol Klopp dearcadh agus ionsaitheacht Bradley.
Dúirt sé leis an BBC: ‘Ar fheabhas. Ionsaí maith i ndáiríre sa chluiche. Is peileadóir an-mhaith é, níor léirigh sé é an t-am ar fad inniu ach is peileadóir chomh maith é agus tá a dhearcadh thar barr.
‘Tá luas aige, tá gach rud a theastaíonn uait sa phost sin aige.’
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.