D’iarr ionadaithe na Palaistíne ar bhreithiúna ag an gcúirt is airde de chuid na Náisiún Aontaithe a dhearbhú go bhfuil forghabháil Iosrael ar a gcríoch (territory) mídhleathach.
Dúirt siad go bhféadfadh réiteach dhá stát agus síocháin bhuan a bheith mar thoradh ar bhrú idirnáisiúnta. Tá roinnt stát cumhachtach idirnáisiúnta ag tacú le hIosrael.
Tá an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta (International Court of Justice, ICJ) sa Háig ag éisteacht le hargóintí ó níos mó ná 50 stát.
‘Iarraimid ort a dheimhniú go bhfuil láithreacht Iosrael i gcríoch na Palaistíne faoi fhorghabháil mhídhleathach,’ a dúirt Riyad Mansour, ionadaí na Palaistíne chuig na Náisiúin Aontaithe, in óráid ina raibh sé i ndeoir go minic.
Labhair sé faoi ‘todhchaí nach maraítear Palaistíneach ar bith ná Iosraelach ar bith ann. Todhchaí ina gcónaíonn dhá stát taobh le taobh i síocháin agus slándáil’.
Baineann an éisteacht le gníomhartha a rinne Iosrael roimh an ionsaí ar Gaza.
Tá Iosrael ag diúltú freastal ar na héisteachtaí ach sheol siad ráiteas scríofa cúig leathanach a mhaígh go bhfuil na ceisteanna a chuir Comhthionól Ginearálta (General Assembly) na Náisiún Aontaithe claonta (prejudiced).
Ghabh Iosrael an Bruach Thiar (West Bank), Gaza agus Iarúsailéim Thoir (East Jerusalem) – tailte na Palaistíne – i gcogadh sa bhliain 1967 agus ó shin tá lonnaíochtaí (settlements) tógtha acu sa Bhruach Thiar agus iad a mhéadú go seasta.
Maíonn ceannairí Iosrael nach stát é an ceantar ach d’éiligh na Náisiúin Aontaithe go dtarraingeodh fórsaí Iosrael siar, ag rá gurb é an t-aon bhealach chun síocháin a chinntiú.
Tá neamhaird déanta ag Iosrael ar iarrachtaí na Náisiún Aontaithe san am a chuaigh thart agus ina n-ionsaithe ar Gaza, inar maraíodh thart ar 29,000 Palaistíneach acu.
Tharraing siad siar as Gaza i 2005 ach rialaíonn siad a theorainneacha san áit na Palaistíne, mar aon leis an Éigipt, agus chuir siad Iarúsailéim Thoir i gceangal freisin i mbeart nach n-aithníonn formhór na dtíortha.
Idir an dá linn, tá gach tír san Aontas Eorpach, seachas an Ungáir, tar éis teacht isteach i nglaoch ar ‘sos daonnúil láithreach’ i gcogadh Gaza, a dúirt ceannaire an bheartais eachtraigh Josep Borrell.
Bhí an tAontas Eorpach ag streachailt le freagairt aontaithe a fháil ar oibríocht mhíleata Iosrael.
Ach dúirt an tUasal Borrell gur aontaigh airí eachtracha ó 26 stát ráiteas ag iarraidh ‘sos daonnúil láithreach as a dtiocfadh sos cogaidh inbhuanaithe’.
D’athdhearbhaigh tíortha an Aontais Eorpaigh freisin go bhfuil siad ag iarraidh ar Iosrael gan ionsaí a dhéanamh ar chathair Rafah.
Tá an Ungáir ag tacú go daingean le hIosrael agus is minic a dhiúltaigh siad dul in éineacht le ráitis ón Aontas Eorpach a mheastar a bheith cáinteach ar an tír.
Bhí drogall ar náisiúin eile an Aontais Eorpaigh ar nós na Gearmáine go dtí seo stop ‘láithreach’ a iarraidh ar oibríochtaí Iosrael.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.