

Tá aithne ag lucht féachana Céilí House ar na ceoltóirí a rinne staidéar ag Institiúid Oideachais Marino i mBaile Átha Cliath, mar is minic a bhí an coláiste le feiceáil ar an gclár teilifíse – ach i mbliana beidh rud éigin difriúil ar siúl acu.
Tá Seachtain na Gaeilge ag teacht go luath i Marino – ag tosú Dé Luain, 19 Feabhra, le ceiliúradh ar an teanga agus ag leanúint ar aghaidh i rith na seachtaine.

Agus in a dhiaidh sin beidh na mic léinn ó Marino ag dul amach ar shocrúchán.
Beidh seachtain lán d’imeachtaí ar siúl chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc pobal Marino.
Déanfaidh uachtarán na hInstitiúide, an tOllamh Teresa O’Doherty, an ócáid a sheoladh ar an Luan, 19 Feabhra, nuair a bhaileoidh idir mhic léinn agus bhaill foirne Marino le chéile chun a gcuid Gaeilge a cheiliúradh le cupán tae agus san oíche chéanna, beidh Oíche Scannáin ar siúl ag na mic léinn féin.

Leanfaidh na himeachtaí ar aghaidh Dé Máirt, nuair a thiocfaidh amhránaithe agus ceoltóirí Marino le chéile chun ceolchoirm speisialta a chur ar siúl ag am lóin do mhórphobal Marino.
Ní amháin go raibh an Ghaeilge i gcónaí láidir i Marino ach bhí an ceol i gcónaí ag croílár an chultúir Ghaelaigh san Institiúid. Tiocfaidh críoch le himeachtaí an lae le hoíche shóisialta ag na mic léinn.

Lá mór gnóthach a bheidh ann Dé Céadaoin nuair a bheidh céilí mór acu le linn am lóin agus iad ag ullmhú don turas mór an oíche sin.
Rachaidh siad, mar a théann siad gach bliain, go Gaeltacht Ráth Chairn chun oíche Ghaelach a bheidh acu lán de scéalta, dhamhsa, cheol agus craic.
Cuireann muintir Ráth Chairn fáilte roimh phobal Marino gach bliain agus is deis é do mhic léinn foghlaim faoi stair na háite agus stair na Gaeltachta.
Cuirtear fáilte speisialta roimh na mic léinn idirnáisiúnta a théann ar an turas gach bliain.

Cláraíonn grúpa mór de mhic léinn idirnáisiúnta ar an mBonnchlár Idirnáisiúnta i Marino, áit a ndéanann siad staidéar ar feadh bliana agus iad ag súil le dul ar aghaidh go Coláiste na Tríonóide.
Chun críoch a chur le himeachtaí na seachtaine, beidh cluiche mór biongó trí mheán na Gaeilge ar siúl ag am lóin Déardaoin.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.