Tá ‘superhero’ Dakota i ngrá leis an nGaeilge mar tá sí ‘sexy’

16/02/2024

Réalta 50 Shakes of Grey Dakota Johnson ‘blown away’ le Paul Mescal ag labhairt Gaeilge

Tá sé ráite ag réalta Hollywood Dakota Johnson gur thit sí i ngrá leis an nGaeilge tar éis di bheith ag obair le Paul Mescal.

Tá Dakota ina sárlaoch (superhero) sa scannán nua de chuid Marvel, Madame Web, agus tá sé curtha in iúl aici go bhfuil sí i ngrá le blas na hÉireann cheana féin mar tá sé ‘sexy’.

Seans gur chabhraigh sé sin le linn a radhairc ghnéasacha (sexy scenes) leis an aisteoir ó Bhéal Feirste Jamie Dornan in 50 Shades Of Grey.

Dakota Johnson
Dakota Johnson

Agus tá Paul Mescal mar chomhréalta aici leis Jessie Buckley agus Olivia Colman in The Lost Daughter.

Dúirt sí go raibh sí ‘blown away’ nuair a labhair Mescal i nGaeilge.

Dúirt Dakota, iníon le Melanie Griffith agus Don Johnson: ‘D’oibrigh mé le Paul Mescal, agus is cara an-mhaith liom é. Chuala mé é ag labhairt Gaeilge agus bhí me “blown away”.’

Ní bhfuair sí aon cheacht i nGaeilge ón aisteoir Éireannach, ach tá súil aici go mbeidh seans aici ‘lá amháin’.

Chuir Dakota i bhfeidhm ar Paul freisin agus iad ag scannánú le chéile.

In agallamh roimhe sin d’admhaigh sé go raibh sé neirbhíseach (nervous) roimh a radharc póg (kissing scene) ar a chéad lá ar an seit.

dekota and paul
Le Paul

‘Ar chúis éigin, ba é an chéad radharc a bhí le déanamh againn ná mé ag pógadh Dakota.

‘Sílim go mbeinn ceart go leor leis dá dtarlódh sé sin domsa anois, ach is dóigh liom dá mbeinn ag pógadh aon duine ar an chéad lá oibre, gan trácht ar an chéad sa phost, gan trácht ar é a bheith le Dakota Johnson, bhí mé rá: “Ceart go leor, ar fheabhas. “‘

I scannán nua, atá i bpictiúrlanna na hÉireann an tseachtain seo, tá Dakota i bpáirt Cassie Webb, paraimhíochaineoir (paramedic).

Dúirt sí: ‘Rinne mé go leor traenála sular thosaigh muid ag scannánú, díreach le bheith láidir agus aclaí agus ábalta go leor gníomhaíocht choirp a dhéanamh.

dakota

‘Agus bhí maoirseoirí stunt dochreidte againn a bhí ag cabhrú linn le gach rud agus ag múineadh dúinn conas gach rud a dhéanamh. D’fhoghlaim mé go leor.’


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram