

D’fhéadfadh go mbeidh tuilleadh cúisimh’ os comhair an fear atá cúisithe as tram Luas a chur trí thine le linn círéibeacha Bhaile Átha Cliath i mí na Samhna, dúradh i gcúirt Dé Máirt.
Bhí John Tate, atá 61 bliain d’aois, ó Iveagh Trust, Sráid Chaoimhín (Kevin Street), Baile Átha Cliath 8, ar ais sa chúirt mar gheall ar cúisimh as dhá chomhaireamh coirloscadh (counts of arson), dhá eachtra mí-ord foréigneach (violent disorder incidents), agus dhá eachtra de bhac tráchta (obstructing traffic) ag Sráid Parnell agus Sráid Uí Chonaill(O’Connell) I mBaile Átha Cliath ar 23 Samhain.

Cúisíodh an tUasal Tate an tseachtain seo caite agus ghlac sé bannaí (bail) ar €5,000. Bhí sé sa chúirt don dara huair i gCúirt Dúiche Bhaile Átha Cliath Dé Máirt.
Bhí an Bleachtaire-Sháirsint ((Detective Sergeant) Eoghan Byrne ag iarraidh an cás a chur ar atráth (adjournment) ar feadh 12 seachtain chun treoracha a fháil ón Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí (Director of Public Prosecutions).
Dúirt an bleachtaire sáirsint go raibh ‘féidearthacht cúisimh bhreise’ ann.
Níl pléadáil déanta go fóill ag an Uasal Tate agus níor labhair sé leis an chúirt Dé Máirt, ach thoiligh (consented) a aturnae, Cian McCann, le hiarratas an tsáirsint.
D’athchuir an Breitheamh Monika Leech an tUasal Tate ar bhannaí leanúnach le teacht os comhair cúirte arís an 7 Bealtaine.
Caithfidh sé leanúint de bheith ag cloí le coinníollacha gan freastal ar léirsithe (demonstrations), cloí le cuirfiú agus gan aon ghníomhaíocht ar líne a bheith aige.
Ag céad chás cúirte an Uasail Tate an tseachtain seo caite, dúirt an Bleachtaire-Sháirsint Byrne nár thug Tate freagra ar bith nuair a cúisíodh é.
Líomhnaíodh gur chuir Tate ‘bloc’ ar Luas a bhí ag iompar paisinéirí ar Shráid Uí Chonaill agus gur tháinig sé ar stad.
Mhaígh an bleachtaire gur chuir Tate bac freisin ar bhus a bhí ag iompar paisinéirí, rud a chuir iallach air stopadh.
Líomhain sé gur ghlac Tate páirt i mí-ord foréigneach ag acomhal (junction) Shráid Parnell-Sráid Uí Chonaill, áit a ndeachaigh sé thar thródam (cordon) an Gharda Síochána.

Maíodh gur ‘spreag sé agus threoraigh sé’ daoine eile an tródam a bhriseadh agus ‘dul chuige go foréigneach’ chuig láthair na coireachta (crime scene).
Líomhnaítear gur chuir sé tús le tine ag tram Luas ar Shráid Uí Chonaill trí thine a chur ar mhálaí bruscair, a scaip go tapa agus a rinne damáiste mór.
Chuala an chúirt go ndeachaigh sé chuige arís agus gur chuir sé ábhar breise leis an tine, rud a rinne damáiste don tram agus don bhonneagar máguaird (surrounding infrastructure).
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.