Chuirfeadh plean il-mhilliún euro Conor McGregor d’árasáin i mBaile Átha Cliath sábháilteacht an phobail (public safety) i mbaol, a dúirt na húdaráis phleanála, agus dhiúltaigh siad dá thogra.
Ní raibh sin ach ar cheann amháin de go leor cúiseanna a thug an chomhairle cathrach as diúltú cead a thabhairt na hárasáin a thógáil.
Tá McGregor ag iarraidh bloc le hocht urlár agus 113 aonad a thógáil i nDroimneach, le 57 árasán le dhá sheomra leapa, 53 árasán le seomra codlata amháin agus trí stiúideo ann.
Bheadh bialann, giomnáisiam agus aonad miondíola (retail unit) ann freisin.
Tá an suíomh in aice le teach tábhairne an Marble Arch, atá dúnta, gar de stad Luas An Droichead Órga (Goldenbridge).
Cheannaigh McGregor an suíomh ar €1.5 milliún nó €2 mhilliún trí bliana ó shin.
Dúirt comhairle na cathrach gur theip ar phlean chomhlacht McGregor’s, Emrajare Ltd, a léiriú gur féidir freastal ar riachtanais taistil an daonra amach anseo faoin bplean.
Dúirt siad freisin toisc nach raibh go leor spás páirceála ann, go bhféadfadh páirceáil fánach a bheith ann in aice leis an suíomh amach anseo, ar bhóithre agus lánaí bus a bhfuil trácht trom orthu cheana féin.
Dúirt siad go gcuirfeadh an scéim ‘sábháilteacht an phobail i mbaol mar gheall ar ghuais tráchta agus bac ar choisithe, ar sheirbhísí bus agus ar úsáideoirí eile bóithre’.
Theip ar an bplean 5% de spás pobail, ealaíon agus cultúir a chur ar fáil de réir na gcaighdeán atá leagtha amach i bPlean Forbartha Chathair Bhaile Átha Cliath.
Tá an suíomh gar do líne an Luas Dhearg, an Chanáil Mhór (Grand Canal) agus do limistéir shuntasacha fostaíochta chomh maith le hOspidéal San Séamas agus Ospidéal Mhuire do Leanaí Breoite i gCromghlinn (St James’s Hospital and Crumlin hospital).
Is féidir le McGregor agus Emrajare Ltd achomharc a dhéanamh anois chuig an mBord Pleanála i gcoinne chinneadh na comhairle.
Tá réadmhaoin infheistíochta ag Emrajare ar fiú €21.46 milliún iad, de réir figiúirí a foilsíodh díreach os cionn bliain ó shin, i mí na Nollag 2022. Bhí iasachtaí arbh fhiú €25.67 milliún iad ag an gcuideachta.
B’fhiú €39 milliún do McGregor féin ag deireadh 2022, de réir figiúirí ó Forbes.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.