Insíonn Biden faoi labhairt le ceannairí – ach bhí siad marbh ag an am

09/02/2024

Meascann uachtarán Mheiriceá, Joe Biden, ceannairí Eorpacha marbh le daoine beo agus tá vótóirí buartha faoina aois

Tá botúin déanta faoi dhó ag Joe Biden an tseachtain seo inar inis sé scéalta faoi bheirt cheannairí Eorpacha éagsúla a labhair sé leo – ach amháin go bhfuil an bheirt acu marbh.

Tá botúin uachtarán Mheiriceá ag cur níos mó brú air mar go bhfuil imní ar vótóirí a deir nach bhfuil sé in ann a bheith ina uachtarán arís.

Angela Merkel
Angela Merkel

Ainmnigh Biden, atá 81 bliain d’aois anois agus a bheidh 85 má mhaireann sé a théarma iomlán má thoghtar é, na daoine míchearta agus é ag caint faoin ionsaí ar an Capitol an 6 Eanáir 2021.

Ar an gCéadaoin, agus é ag bailiú airgid i Nua-Eabhrac, labhair Biden faoi bheith ag caint le hiar-sheansailéir na Gearmáine Helmut Kohl faoin iarracht é a stopadh ó bheith ina uachtarán. Ach fuair Kohl bás i 2017.

Is cosúil go raibh Angela Merkel i gceist ag Biden.

Roimhe seo, Dé Domhnaigh, bhí Biden i Nevada nuair a chuir sé mearbhall ar daoine agus é ag caint faoi chomhrá le iar-uachtarán na Fraince, François Mitterrand, a fuair bás i 1996. Is cosúil gurb é uachtarán reatha na Fraince, Emmanuel Macron, a bhí I gceist aige.

Bhí sé ag caint freisin ar imeachtaí an 6 Eanáir an t-am sin.

Is é Biden, 81, an t-uachtarán is sine atá ag iarraidh atoghadh i stair Mheiriceá. Tá imní sláinte ina saincheist leanúnach do go leor vótálaithe, lena n-áirítear Daonlathaithe.

Emmanuel Macron
Emmanuel Macron

Léirigh pobalbhreith NBC News le déanaí go bhfuil imní ar thrí cheathrú de na vótálaithe, lena n-áirítear leath na nDaonlathaithe, faoi shláinte mheabhrach agus fhisiciúil Biden.

Tá Biden taobh thiar de Trump freisin sna pobalbhreitheanna agus beidh sé mar aidhm aige dul i bhfeidhm ar na vótálaithe sa tseachtain amach romhainn le himeachtaí atá ceaptha mar shiombail don chath ar son an daonlathais agus an cheartais chinithigh (racial justice) i gcoinne Donald Trump.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram