Is féidir linn a bheith ag súil le tuilleadh báistí agus gaoithe Dé Máirt ach tá sé le tuiscint anois mbeidh sneachta ann agus go n-éireoidh an drochaimsir níos measa fós ar an gCéadaoin agus ar an Déardaoin.
Beidh meascán de bháisteach, flichshneachta agus sneachta ag teach, le comharthaí go mbeidh sneachta anseo ar feadh dhá lá ar a laghad.
Bhí muid ag súil le roinnt oighir (ice) agus sioc (frost) san oíche i rith na seachtaine go dtí an Déardaoin – ach beidh sneachta an freisin, de réir Met Éireann.
Éireoidh an aimsir i bhfad níos fuaire agus beidh an teocht ag titim go -2C I rith na seachtaine, dar le Met Éireann.
I rith na seachtaine beidh sé fuar, fliuch agus gaofar.
Ar Dé Máirt, beidh na teochtaí aimsire is airde idir 9C agus 12C i rith an lae agus titfidh siad go -2C tríd an oíche.
Dúirt réamhaisnéiseoir ó Met Éireann: ‘Lá fliuch a bheidh ann Dé Máirt agus an bháisteach ag bogadh go gach ceantar agus ag éirí trom uaireanta le seans go mbeidh tuilte (floods) ann.
‘Beidh na teochtaí is airde idir 9C agus 12C thar an leath theas den tír, ach iompóidh siad i bhfad níos fuaire níos faide ó thuaidh agus beidh siad idir 4C agus 8C.
‘Ar oíche Mháirt, tiocfaidh báisteach agus éireoidh sé fuar agus tirim le tréimhsí soiléire. Beidh sioc agus oighear ann i rith na hoíche. Beidh na teochtaí is ísle idir -2 agus 2C le gaoth éadrom ó thuaidh go dtí an t-iarthuaisceart.’
Leanfaidh an sioc agus an t-oighear ar aghaidh go maidin Dé Céadaoin, le tréimhsí tirime ag tosú ar maidin.
Táthar ag súil le báisteach agus sneachta ar fud Chonnachta, Chúige Mumhan agus Laighean le sneachta ar thalamh ard. Táthar ag súil go bhfanfaidh an teocht idir -2 agus 2 chéim.
Ar an Déardaoin bogfaidh an bháisteach agus an flichshneachta níos faide ó thuaidh, ag glanadh go ceathanna scaipthe sa deisceart níos déanaí.
Táthar ag súil le sneachta arís ar thalamh ard, a bhfuiltear ag súil go leanfaidh sé ar aghaidh go dtí oíche Déardaoin agus go leanfaidh báisteach agus flichshneachta ‘ar fud leath thuaidh na tíre’.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.