Cé hé Calvin Nash agus cén fáth nach raibh áit aige in Éirinn roimhe seo?

01/02/2024

Tá seacht mbliana caite ó thosaigh Calvin Nash ag imirt do Chúige Mumhan áit a bhfuil ag éirí go han-mhaith leis, anois is féidir leis an rud céanna a dhéanamh d’Éirinn

Tá sé ag fanacht le fada ach beidh deis ag Calvin Nash imirt d’Éirinn sa chluiche Dé hAoine i gcoinne na Fraince chun tús a chur leis na Sé Náisiún.

Níl ach caipín amháin d’Éireann ag fear na Mumhan go dtí seo agus ní raibh sin ach i gcluiche ‘warm-up’ roimh Chorn an Domhain. Mar a bheidh a fhios ag léitheoirí ExtraG.ie, táthar ag caint faoi Nash anois ach cén fáth é sin, agus cá raibh sé roimhe seo.

Calvin Nash
Calvin Nash

Cé hé Calvin Nash?

Tá Nash ainmnithe le tosú ar an sciathán ag príomhchóitseálaí (head coach) na hÉireann Andy Farrell in aghaidh na Fraince. Tá sé ag imirt go han-mhaith do Chúige Mumhan le dhá shéasúr anuas, ach tá an t-ádh ag baint leis áit a fháil ar fhoireann na hÉireann.

B’éigean do Farrell pleanáil gan Mack Hansen, mar ní bheidh an t-imreoir Chonnacht ag imirt sa chraobh mar go bhfuil gualainn curtha as alt (dislocated shoulder) aige

D’éirigh go maith le Nash, arb as Luimneach dó, ach bhí sé neamhsheasmhach (inconsistant) freisin, d’fhoireann na Mumhan an séasúr seo.

Bhí Nash ar dhuine de na himreoirí is mó a bhí ar an bhfód nuair a bhuaigh Cúige Mumhan teideal an URC an séasúr seo caite.

Johann van Graan
Johann van Graan

Is fada an bóthar a bhí ann do Nash i bPáirc Thuamhan, ón chéad am  ar chaith sé an geansaí dearg, beagnach seacht mbliana ó shin.

Nuair a bhí Johann van Graan ón Afraic Theas mar phríomhchóitseálaí bhí sé deacair do Nash dul isteach san fhoireann.

Ní haon timpiste é gur tháinig feabhas ar slite beatha Nash nuair a ghlac Graham Rowntree seilbh ar phost Van Graan, mar cheannasaí na Mumhan.

Roimhe seo bhí a ról ag cloí leis na taobhlínte agus dul sa tóir ar ciceanna – gan mórán seans le hionsaí a dhéanamh.

Mar sin féin, tá a gcluiche ionsaithe athraithe go mór ag Cúige Mumhan le 18 mí anuas, agus thug sé sin deis do Nash, atá 26 bliain d’aois, a thaispeáint cé chomh maith is atá sé.

Bhí Nash chomh maith sin go bhfuair sé áit in áit an laoch Keith Earls sular éirigh Earls  as. Mar imreoir, tá go leor de na tréithe atá ag Andrew Conway ag Nash, is imreoir sciathán (wing player) idirnáisiúnta eile é Conway a chuaigh ar scor le déanaí.

Tá sé socair faoi liathróid ard. Cosúil le Conway, tá sé in ann cluiche a bhriseadh oscailte agus tá luas ag Nash.

Alan Quinlan
Alan Quinlan

Ag labhairt dó faoi Nash, dúirt réalta na Mumhan Alan Quinlan: ‘Bhí sé i gcónaí mar “workhorse” ag obair gan stad

‘Tá sé lán le fuinneamh agus tá luas aige freisin.

‘Sílim go bhfuil feabhas tagtha ar a chluiche.’

Dúirt Daly: ‘Is imreoir sinsear fíor dúinn anois.’

Beidh dúshlán deacair ag Nash in aghaidh Yoram Moefana i ndeisceart na Fraince sa chluiche Dé hAoine.

Tá imreoirí ar an sciathán mar Nash de dhíth ar Éirinn agus níl an iomarca acu againn agus mar sin d’fhéadfadh go n-éireodh go maith leis sna seachtainí amach romhainn.

Beidh sé deacair tosú leis an bhFrainc, ach léirigh Nash go bhfuil an neart aige anois chun é sin a dhéanamh.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram