Éist leis an agallamh: Ben ar an mbóthar arís le Lifting the Gate

01/02/2024

Tá an-chuid déanta ag an bhfile Ben MacCaoilte ó eisíodh a dhá albam agus tá sé ag dul ar ais ar an stáitse arís

Tá go leor ar siúl faoi láthair maidir le healaíontóirí Gaeilge agus ealaíontóirí dátheangacha, go háirithe ag an TradFest i mBaile Átha Cliath.

Agus ag leanúint ar aghaidh san fhormaid sin tá Lifting the Gate, filíocht theangach léirithe beo ag Ben MacCaoilte

Is file dátheangach é Ben MacCaoilte a scríobhann i nGaeilge agus i mBéarla agus a chuireann ceol ar fáil.

Ben MacCaoilte
Ben MacCaoilte

Tugann Ben filíocht álainn cumtha ar an stáitse. Nochtar saolta mionsonraithe i véarsaí daingean, spreagtha ag daoine, áiteanna agus saolta a raibh tábhacht leo.

Tá dhá albam filíochta eisithe ag Ben ar an lipéad Crannóg Media, Beyond the Apple Tree i 2021 agus Lifting the Gate i 2022.

Ó eisíodh a chéad albam bhí Ben ag go leor féilte agus imeachtaí ar fud na hÉireann agus an Ríocht Aontaithe.

I measc na léirithe a rinne sé bhí láithrithe aige ag: Féile Scene + Heard 2023 ag Smock Alley Theatre, Baile Átha Cliath; Féile Idirnáisiúnta na Scríbhneoirí Baile Átha Cliath; So Say So Sessions le Stephen James Smith; Comóradh Céad Bliain Reisimint Ríoga na hÉireann.


BlasnaCathrach

Éist leis an agallamh: Ben MacCaoilte in agallamh
le Joe Breathnach ar Blas na Cathrach ar Raidió na Life


Chomh maith leo sin bhí coimisiún aige ó Dhánlann Ealaíne Phort Láirge mar chuid de Thionscadal Ekphrasis 2022. Bhí sé ag REIC ag an Cork World Bookfest, ag an Bath Festival sa Bhreatain agus an Culturel Centre Irlandais, i bPáras, mar chuid den Fhéile Smaointe agus mar aoi ag Spoken Word Paris.

Roinn Ben an stáitse le ceoltóirí iontacha ar nós Declan O’Rourke nuair a bhí sé mar bhaill taca do i 2023, Liam Ó Maonlaí agus mar bhaill taca do Dr Martin Shaw mar chuid den Medicine House Tour i 2023.

Tá Ben ar chamchuairt faoi láthair le Lifting the Gate, seó filíochta dátheangach, a taispeánadh den chéad uair in Amharclann Smock Alley i bhFeabhra 2023.

Beidh Ben le feiceáil ag:

Ionad Ealaíne Loch Garman (Wexford Arts Centre) ar 16 Márta;

agus Féile Respira Santiago, 21 Gallicia Márta


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram