Tabharfaidh na Stáit Aontaithe tacaíocht arís d’UNRWA, ghrúpa cúnaimh (aid agency) i nGaza

Tá líon na ndaoine atá ag fulaingt ó ocras agus bochtaineacht i nGaza ag méidiú mar sin tá brú ar na tíortha a chur deireadh le tacú le UNRWA

Is cosúil go bhfuil údar maith le cinneadh na hÉireann leanúint ar aghaidh ag tacú le UNRWA mar anois tá tíortha eile ag ullmhú maoiniú a thabhairt ar ais don ghrúpa tacaíochta.

Tá dearcadh na Stáit Aontaithe athruithe i leith UNRWA, ghrúpa tacaíochta na Náisiún Aontaithe, atá ag cabhrú le daoine i nGaza.

UNRWA  ag cuidiú leis na milliúin daoine atá ag fulaingt mar gheall ar ionsaithe Iosrael i nGaza
UNRWA  ag cuidiú leis na milliúin daoine atá ag fulaingt mar gheall ar ionsaithe Iosrael i nGaza

Nuair a dúirt Iosrael go raibh grúpa na Náisiún Aontaithe ag tacú le Hamas, stop rialtas Joe Biden ag tacú leis an ngrúpa.

Mar sin féin tá UNRWA  ag cuidiú leis na milliúin daoine atá ag fulaingt mar gheall ar ionsaithe Iosrael i nGaza.

Ina dhiaidh sin bhí tíortha eile ar nós na Breataine agus an Ghearmáin ag seasamh le cinneadh Mheiriceá.

Lean Éire ag soláthar cistí do UNRWA, áfach.

Tar éis laethanta de cháineadh géar ar ghníomhaireachtaí na Náisiún Aontaithe thug tíortha deontóirí le fios Dé Céadaoin go n-athróidís a ndearcadh – d’admhaigh siad go raibh gá le UNRWA chun cúnamh tarrthála a thabhairt mar gheall ar bhagairt ocras agus galair i nGaza.

Gaza
Gaza

Chuir 12 thír ar a laghad cúnamh ar fionraí (paused) go sealadach (provisionally) tar éis do rialtas Iosrael éileamh a dhéanamh go raibh fostaithe UNRWA páirteach san ionsaí ar dhaoine in Iosrael an 7 Deireadh Fómhair.

Ach anois tá an grúpa cúnaimh molta ag Linda Thomas-Greenfield, ambasadóir na Stát Aontaithe chuig na Náisiúin Aontaithe.

Chuir Iosrael i leith 12 fostaí de chuid na Náisiún Aontaithe as páirt a ghlacadh in ionsaithe 7 Deireadh Fómhair, agus dúradh go raibh duine amháin tar éis bean a fhuadach agus duine eile a ghlac páirt sna maruithe ag kibbutz áit a bhfuair 97 duine bás.

Briseadh naonúr den 12 fhostaí, a dúirt an ghníomhaireacht, agus fuair beirt bás.

Féachann rialtas Iosrael ar UNRWA, Gníomhaireacht Faoisimh agus Oibreacha na Náisiún Aontaithe, mar thús cadhnaíochta do Hamas, agus d’éiligh sé le blianta fada go ndéanfaí é a thréigean.

Cháin Iosrael na Náisiúin Aontaithe freisin.


Scéalta Gaeilge ExtraG.ie
ar fáil ar ríomhphost (email)

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie


Cliceáil ar cheann de na lógónna chun an stáisiún teilifíse agus na stáisiúin raidió Gaeilge a fháil

RFailtelogo 1
rnaglogo2 1
TG4logo 2
RnaLlogo 4

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram