Chuir ceannaire Choiste Meán an Oireachtais (Media Committee) i leith RTÉ go raibh míúsáid a dhéanamh ar na cuntais, maidir le maoiniú Toy Show the Musical, a chaill €2.7 milliún.
Ag labhairt dó faoin bhfadhb, dúirt Niamh Smyth leis an Irish Mail on Sunday go raibh ‘cooking the books’ i gceist, agus dúirt sí dá dtarlódh sé sin san earnáil phríobháideach bheadh duine éigin curtha as a bpost.
Tá sé tuairiscithe ag an Irish Mail on Sunday freisin gur scríobh iar-ardstiúrthóir RTÉ, Dee Forbes, chuig an gCoiste um Chuntais Phoiblí (Public Accounts Committee, PAC), áit a bhfuil Brian Stanley ina chathaoirleach, á rá nach bhféadfadh sí sonraí airgeadais (financial details) a bhí ‘íogair ó thaobh na tráchtála de (commercially sensitive)’ a chur ar fáil faoin gceoldráma (musical) ar an lá céanna a aistríodh €75,000 isteach i gcuntais an ceoldráma mar iarracht dhealraitheach a chaillteanais a cheilt.
Tá eolas faoin litir agus faoin aistriú airgid ó ioncam fógraíochta (advertising income) RTÉ, i mí Eanáir na bliana seo caite, á thuairisciú anois agus tá níos mó ceisteanna á gcur faoin gcaoi ar éirigh chomh dona sin leis an gceoldráma.
Dúradh in athbhreithniú (review) ar Toy Show the Musical, a foilsíodh an tseachtain seo caite, go raibh áibhéil (overstated) de €75,000 ar an méid urraíochta (sponsorship) tráchtála a fuair an seó.
Bhí sé seo in ainneoin go raibh an méid airgid a tháinig isteach ó urraitheoirí taifeadta (recorded) go soiléir sna cuntais.
Tharla sé seo ar an 11 Eanáir 2023. Dúirt cathaoirleach boird RTÉ Siún Ní Raghallaigh go raibh sé ‘go hiomlán míchuí (totally inappropriate)’.
An lá céanna, ina litir chuig an gCoiste um Chuntais Phoiblí (PAC), chosain Ms Forbes an ceoldráma agus dhiúltaigh sí sonraí a sholáthar faoi chostais agus chistí an tseó.
Scríobh sí: ‘Níl dabht ar bith go dtuigfidh an coiste go gcaithfidh RTÉ mar chomhlacht tráchtála fo-stáit (semi-state) a leasanna tráchtála a chosaint. Mar sin ní nochtann RTÉ costais agus ioncam na dtionscadal cruthaitheach nó tráchtála aonair, cibé acu drámaí teilifíse, imeachtaí spóirt nó imeacht beo ar nós Toy Show the Musical iad.’
Léiríonn iontráil i dtaifid rannóg thráchtála RTÉ treoir €75,000 a thógáil ó ioncam fógraíochta teilifíse agus é a thaisceadh i gcistí urraíochta don cheoldráma, rud a d’fhág gur €120,000 an figiúr urraíochta iomlán.
Ordaíodh an t-aistriú a shiardhátú (backdated) chun na dátaí ar cuireadh an seó ar siúl ag an Ionad Comhdhála Náisiúnta (National Convention Centre) i mBaile Átha Cliath ón 10 Nollaig go dtí an 31 Nollaig 2022 a chlúdach.
Dúradh le bord RTÉ roimhe seo gurbh é figiúr de €120,000 an sprioc-urraíocht (target sponsorship) don cheoldráma, a chaill €2.7 milliún tar éis 11,000 ticéad a dhíol.
Léirigh tuarascáil Grant Thornton a eisíodh an tseachtain seo caite, áfach, nár bailíodh ach €45,000 ó thriúr urraitheoir, ar thug gach ceann acu €15,000. Tugadh faoi deara sa tuarascáil nach raibh sonrasc (invoice) riamh chuig tríú páirtí chun tacú leis an ioncam urraíochta ceaptha de €75,000.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.