Beidh foireann haca ((hockey) na hÉireann ag taisteal go Páras do na Cluichí Oilimpeacha i mbliana tar éis bua iontach 4-3 ar an gCóiré (Korea) ina gcluiche cáilithe (qualifying game) Dé Domhnaigh.
Scóráil Matthew Nelson, Ben Johnson, John McKee agus Shane O’Donoghue, ach ba chluiche teann agus drámatúil a bhí ann a d’fhéadfadh ceachtar den dá thaobh an bua a fháil.
Fuair Nelson a scór tar éis buille cúinne pionóis (penalty corner) chun an scóráil a oscailt agus lean Johnson é le ceann eile, tar éis sábháil ar iarracht McKee.
Tháinig scór Johnson trí nóiméad tar éis scór Nelson sa dara ceathrú den chluiche.
Léigh níos mó: Cúl báire sinsearach CLG i mbun trialach don NFL
Ach bhí Éire faoi bhrú agus scóráil Kim Junghoo ó chúinne pionóis de chuid na Cóiré.
Bhí seans ag foireann na hÉireann go luadh ina dhiaidh sin, áfach, agus ritheadar ar ais suas an pháirc agus fuair McKee cúl le tacaíocht ó Sheán Murray.
Ag 3-1 bhí an chuma air go mbeadh Éire i gceannas ar an gcuid eile den chluiche ach tháinig an Chóiré ar ais.
Díreach leath nóiméad roimh leath-ama scóráil an Chóiré arís le buille íseal ó Junwoo Jeong nach raibh David Harte in ann stopadh.
Chuir sin leis an teannas don dara leath den chluiche, ach d’aimsigh Éire faoiseamh arís 10 nóiméad isteach sa tríú ceathrú nuair a scóráil O’Donoghue ó chúinne pionóis.
Fuair an Chóiré cúl arís, áfach, agus tar éis d’Éirinn pionós a ghéilleadh ó Harte, bhí an scór 4-3 mar gheall ar bhuille Jang Jonghyun.
Bhí seans eile ag an Chóiré ach dícheadaíodh (disallowed) buille roimh dheireadh an tríú ceathrú toisc gur tháinig sé as corp Nam Young Lee.
D’éirigh le hÉirinn greim daingean a choinneáil ar an chluiche, ag coinneáil siar iarrachtaí na Cóiré agus ag leanúint lena pasáiste go dtí na Cluichí Oilimpeacha a dhaingniú.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta Gaeilge is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
• Tá athbheochan na Gaeilge ar siúl faoi láthair, ar mhaith leat páirt a ghlacadh. Léigh beagán Gaeilge gach lá ar Extrag.ie
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.