Dlíodóir Éireannach ag cúiseamh Iosrael as cinedhíothú (genocide) i gcúirt idirnáisiúnta inniu

11/01/2024

Tá Blinne Ní Ghrálaigh mar chuid d’fhoireann na hAfraice Theas atá ag cur brú ar Iosrael stop a chur leis na hionsaithe in Gaza agus cúnamh a ligean isteach do na daoine atá ann

Bhí tús le héisteacht atá ag cúisiú Iosrael as cinedhíothú (genocide) i nGaza sa Háig (The Hague) ar Déardaoin sa Cúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta (International Court of Justice, ICJ), agus tá dlíodóir sinsearach Éireannach ag dul in aghaidh Iosrael.

Tá Blinne Ní Ghrálaigh ag cabhrú leis an Afraic Theas an cás a thógáil ag an gcúirt is sinsearaí de chuid na Náisiún Aontaithe.

Tá Blinne Ní Ghrálaigh ag cabhrú leis an Afraic Theas an cás a thógáil
Tá Blinne Ní Ghrálaigh ag cabhrú leis an Afraic Theas an cás a thógáil

D’oibrigh Ní Ghrálaigh ar imeachtaí breithiúnacha sa Bhruach Thiar (West Bank) agus in Gaza i measc cásanna suntasacha eile.

Tá an Afraic Theas ag (South Africa) iarraidh ar chúirt na Náisiún Aontaithe gníomhú go práinneach ‘chun cosaint a dhéanamh ar thuilleadh díobhála do-athleasaithe (severe and irreparable harm) do chearta mhuintir na Palaistíne’.

San ionsaí ar Gaza, ó ionsaithe ar Iosrael an 7 Deireadh Fómhair ag Hamas, mharaigh Iosrael níos mó ná 23,000 Palaistíneach, de réir aireacht sláinte Gaza, agus creidtear gur mná nó leanaí thart ar 70% acu.

Mheas gníomhaireacht faoisimh na Palaistíne de chuid na Náisiún Aontaithe, UNRWA, go bhfuil 1.9 milliún duine easáitithe (displaced) sna hionsaithe, sin beagnach 85% den daonra.

De ghnáth bíonn sé deacair cásanna cinedhíothú (genocide) a chruthú agus féadann sé blianta a ghlacadh, ach tá an Afraic Theas ag iarraidh ar an gcúirt ‘bearta sealadacha (provisional measures)’ a chur i bhfeidhm go tapa agus ‘ordú a thabhairt d’Iosrael deireadh a chur leis na maruithe’.

Mharaigh Iosrael níos mó ná 23,000 Palaistíneach, de réir aireacht sláinte Gaza, agus creidtear gur mná nó leanaí thart ar 70% acu
Mharaigh Iosrael níos mó ná 23,000 Palaistíneach, de réir aireacht sláinte Gaza, agus creidtear gur mná nó leanaí thart ar 70% acu

Deir siad gur cheart d’Iosrael deireadh a chur le coinníollacha a leagadh amach d’aon ghnó chun na bPalaistíneach a scriosadh mar ghrúpa, agus chun stop a chur le srianta ar chúnamh do dhaoine in Gaza.

Tá rialtas Iosrael ar buile faoin gcás agus mhaígh dúirt siad go bhfuil siad ag gníomhú ar son féinchosaint agus go bhfuil siad ag troid in aghaidh Hamas agus ní in aghaidh muintir na Palaistíne.

Tá rialtas Joe Biden sna Stáit Aontaithe ag tacú le hIosrael.

Lasmuigh den chúirt, tá Iosrael ag reachtáil ‘máirseáil síochána (peace march)’ ar an Déardaoin agus ag taispeáint agallaimh le gialla (hostages) a ghabh Hamas.

Nelson Mandela
Nelson Mandela

Tá stair fhada ag páirtí rialaithe na hAfraice Theas, an ANC, ag déanamh comparáid le cóireáil Iosrael ar na Palaistínigh leis an mbrúidiúlacht i gcoinne daoine gorma san Afraic Theas faoi Apartheid.

Dúirt Nelson Mandela: ‘Tá a fhios againn go bhfuil ár saoirse neamhiomlán (incomplete) gan saoirse na Palaistíne.’

I measc na cásanna a thug an dlíodóir Éireannach Blinne Ní Ghrálaigh tá cosaint rathúil (successful defence) Rhian Graham, a cúisíodh as damáiste coiriúil as cuidiú le dealbh (statue) den úinéir sclábhaithe (slave owner) Edward Colston a leagadh, le linn agóide ‘Black Lives Matter’ i Bristol, an Bhreatain, i mí an Mheithimh 2020.

Tá sé ráite ag an saineolaí cearta daonna gurbh é a tógáil sa Tuaisceart a thug fuath di don éagóir (injustice).

Ag labhairt di le Irish Legal News in 2022, dúirt Ní Ghrálaigh: ‘Bhí mé 12 bliain d’aois nuair a d’aimsigh mé paimfléad faoi Majella O’Hare i gceann de chásanna leabhar mo mháthar.


Gaza 2 1
Spreag éagórach (injustice) in Éirinn abhcóide i gcás in aghaidh Iosrael

Spreag éagórach (injustice) in
Éirinn abhcóide i gcás in
aghaidh Iosrael. Clicáil ANSEO


‘Chonaic mé an pictiúr den chailín óg ar an tosach, agus chonaic mé a haois, agus léigh mé ó chlúdach go clúdach é.

‘Léigh mé faoi mar a fuair sí bás in armas a hathar tar éis dó an urchar a chloisteáil agus chuaigh sé ag rith chuici.’

Le deora, d’fhiafraigh sí dá máthair conas a d’fhéadfadh a leithéid tarlú, agus d’fhreagair a máthair: ‘Déan rud éigin faoi.’

‘Chuaigh a focail i bhfeidhm go mór orm. Agus choinnigh mé an leabhrán sin … mar mheabhrúchán ar an méid a thug anseo mé.’


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram