Spreag éagórach (injustice) in Éirinn abhcóide i gcás in aghaidh Iosrael

08/01/2024

Tá Blinne Ní Ghrálaigh, abhcóide na hÉireann, mar chuid d’fhoireann dlí atá ag tabhairt aghaidh ar ionsaithe Iosrael ar mhuintir Gaza

Spreag na héagóra sa Tuaisceart an t-abhcóide Éireannach, a bhfuil ardmholadh ag dul di, I gcás in aghaidh Iosrael in Gaza.

Tá Blinne Ní Ghrálaigh ag cabhrú leis an Afraic Theas cás a thógáil in aghaidh Iosrael ag an gcúirt is sinsearaí de chuid na Náisiún Aontaithe.

Blinne Ní Ghrálaigh ag cabhrú leis an Afraic Theas cás a thógáil in aghaidh Iosrael
Blinne Ní Ghrálaigh ag cabhrú leis an Afraic Theas cás a thógáil in aghaidh Iosrael

Dúirt sí gur chuir an nuacht faoi marú Majella O’Hare, a bhí 12 bliain d’aois, ag saighdiúirí Briotanacha i 1976, isteach go mór uirthi nuair a bhí sí óg.

Coimeádann sí paimfléad frámaithe faoi O’Hare ina hoifig go dtí an lá atá inniu ann.

Tá Ní Ghrálaigh mar chuid d’fhoireann dlí atá curtha le chéile san Afraic Theas le cás a thógáil in aghaidh Iosrael faoina n-ionsaithe ar dhaoine neamhchiontacha in Gaza.

Gaza Jabalya 2
D’oibrigh Ní Ghrálaigh ar imeachtaí breithiúnacha sa Bhruach Thiar (West Bank) agus in Gaza i measc cásanna suntasacha eile

Luann an cás sáruithe ar Choinbhinsiún um Chinedhíothú (Genocide Convention) 1948, agus éistfidh an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta (International Court of Justice) le pointí ón dá thaobh an tseachtain seo.

Tá Iosrael agus an tacadóir is cumhachtaí de réimeas Iosrael, rialtas na Stát Aontaithe Joe Biden, chun iarracht a dhéanamh na cúisimh a dhiúltú.

D’oibrigh Ní Ghrálaigh ar imeachtaí breithiúnacha sa Bhruach Thiar (West Bank) agus in Gaza i measc cásanna suntasacha eile.

I measc a cuid cásanna tá cosaint rathúil (successful defence) Rhian Graham, a cúisíodh as damáiste coiriúil as cuidiú le dealbh (statue) den úinéir sclábhaithe (slave owner) Edward Colston a leagadh, le linn agóide ‘Black Lives Matter’ i Bristol, an Bhreatain, i mí an Mheithimh 2020.

Tá sé ráite ag an saineolaí cearta daonna gurbh é a tógáil sa Tuaisceart a thug fuath di don éagóir (injustice).

Ag labhairt di le Irish Legal News in 2022, dúirt Ní Ghrálaigh: ‘Bhí mé 12 bliain d’aois nuair a d’aimsigh mé paimfléad faoi Majella O’Hare i gceann de chásanna leabhar mo mháthar.

‘Chonaic mé an pictiúr den chailín óg ar an tosach, agus chonaic mé a haois, agus léigh mé ó chlúdach go clúdach é.

Agóidí in Éirinn in aghaidh na n-ionsaithe ar Gaza
Agóidí in Éirinn in aghaidh na n-ionsaithe ar Gaza

‘Léigh mé faoi mar a fuair sí bás in armas a hathar tar éis dó an urchar a chloisteáil agus chuaigh sé ag rith chuici.’

Le deora, d’fhiafraigh sí dá máthair conas a d’fhéadfadh a leithéid tarlú, agus d’fhreagair a máthair: ‘Déan rud éigin faoi.’

‘Chuaigh a focail i bhfeidhm go mór orm. Agus choinnigh mé an leabhrán sin … mar mheabhrúchán ar an méid a thug anseo mé.’


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram