Íocfaidh na mílte sa breis as árachas sláinte (health insurance)

Íocfaidh teaghlaigh sa bhreis as go leor scéimeanna árachais sláinte ach níor fógraíodh na harduithe go poiblí

Beidh arduithe móra ar chostas préimheanna (premiums) ag na mílte teaghlach ar phleananna árachais sláinte (health insurance) den luach is fearr, dar leis an Irish Independent.

Níl na harduithe fógartha go poiblí ag na hárachóirí (insurers).

D’ardaigh VHI costas ar 12 dá phlean corparáideach faoi suas le 10%, agus cosnóidh sé suas le €480 ar theaghlaigh má dhéanann siad athnuachan ar an scéim chéanna.

Déanann thart ar leathmhilliún tomhaltóir (consumers) a árachais sláinte a athnuachan an mhí seo
Déanann thart ar leathmhilliún tomhaltóir (consumers) a árachais sláinte a athnuachan an mhí seo

Mhéadaigh Laya na préimheanna suas le 6% ar 14 phlean corparáideach, rud a fhágann go bhfuil siad suas le €210 sa bhliain níos daoire do theaghlaigh.

D’ardaigh Irish Life Health a phréimheanna ar fhormhór a scéimeanna, tar éis dhá mhéadú anuraidh.

Déanann thart ar leathmhilliún tomhaltóir (consumers) a árachais sláinte a athnuachan an mhí seo, agus tá líon mór scéimeanna VHI le hathnuachan sa dá sheachtain atá romhainn, dar leis an bróicéir árachas sláinte Dermot Goode, ó TotalHealthCover.ie, de réir an tuairisc.

Mar gheall ar arduithe rátaí a fógraíodh le bliain anuas tá méadú idir 15% agus 20% tagtha ar chostais athnuachana ar pleaneanna.

Chuir sé seo idir €150 agus €550 leis an gcostas athnuachana do theaghlach de bheirt daoine fásta agus beirt leanaí.

patientWoman Sick Unhappy Crying Bed 768x448 1

Tá ardú €800 ar an gcostas do roinnt teaghlach ar an bplean céanna.

Ag tús na míosa seo, chuaigh préimheanna Irish Life Health suas 4.8% dá 510,000 custaiméir.

D’fhógair sé arduithe ag tús na bliana seo caite le méaduithe i mí Iúil, agus roinnt pleananna ag dul suas freisin i mí na Samhna.

Mar gheall ar an ardú is déanaí de chuid Irish Life – agus dhá cheann roimhe seo a fógraíodh le 12 mhí anuas – beidh méadú de €600 sa bhliain ar roinnt pleananna Irish Life do theaghlaigh.

Anois tá costas 12 dá phlean corparáideach méadaithe ag VHI, le héifeacht ón 1 Eanáir.

D’fhéadfadh méadú ó €328 go €480 a bheith ar theaghlach beirt daoine fásta agus beirt leanaí dá bhfanfadh siad ar na pleananna seo, a dúirt an tUasal Goode.

hospital. 2

Mhéadaigh Laya costas 14 dá phleananna corparáideacha ag tús na míosa seo.

Is gnách go mbíonn luach níos fearr ag baint le pleananna corparáideacha agus bíonn buntáistí níos fearr acu ná pleananna eile.

Dúirt an tUasal Goode: ‘Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nár tháinig méadú ar go leor de na pleananna thuas sa tríú ráithe (third quarter) anuraidh, ach do na custaiméirí seo a bhí ag súil le haon mhéadú a sheachaint, beidh tionchar ag na harduithe nua seo orthu ón gcéad athnuachan eile.’


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

LÉIGH NÍOS MÓ: SLÁINTE

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram