Tá achainí (appeal) faoi Duine ar Iarraidh (Missing Person) seolta ag Gardaí do chailín, atá 14 bliain d’aois, a chuaigh ar iarraidh an tseachtain seo.
Tá Chloe McDonagh ar iarraidh ó Dhroichead Átha, Co Lú (Drogheda, Co Louth), ó thráthnóna Dé Luain.
Tá Gardaí ag léiriú a n-imní faoi leas (welfare) an chailín óig.
Dúradh i ráiteas: ‘Déantar cur síos ar Chloe mar duine atá thart ar 5 throigh 2 orlach ar airde, le cruth caol (slim build), gruaig fhada fionn agus súile gorma.’
Ní fios cad iad na héadaí a bhí ar Chloe nuair a chuaigh sí ar iarraidh.
Tá Gardaí ag impí ar aon duine a bhfuil eolas acu faoin áit a bhféadfadh Chloe a bheith, nó a bhféadfadh go bhfaca siad í, teacht chun tosaigh.
Iarrtar ar dhuine ar bith a bhfuil aon eolas aige/aici faoi cá bhfuil Chloe teagmháil a dhéanamh le Stáisiún na nGardaí i nDroichead Átha ar 041 987 4200, Líne Rúnda na nGardaí ar 1800 666 111 nó aon stáisiún Gardaí.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.