Ní chanfaidh mé níos mó, a deir Britney

Deir Britiney Spears anois go bhfuil sí ag iarraidh amhráin a scríobh do dhaoine eile seachas di féin

Tá sé ráite ag Britney Spears nach bhfillfidh sí ar thionscal an cheoil go deo agus í ag cuir deireadh  den tuairimíocht go bhfuil sí ag obair ar albam nua.

Rinne an t-amhránaí, atá 42 bliain d’aois, an ráiteas ar na meáin shóisialta mar fhreagra ar thuairiscí go raibh cumadóirí amhrán ag ullmhú chun amhráin a scríobh don 10ú albam stiúideo.

Scríobh Spears ar Instagram: ‘Is léir dúinn gur bruscar an chuid is mó den nuacht!!!

‘Tá siad ag rá go fóill go bhfuilim ag casadh ar dhaoine randamacha chun albam nua a dhéanamh… ní fhillfidh mé go deo ar thionscal an cheoil!!!”

Britiney Spears
Britiney Spears

Dúirt sí freisin, nuair a bhíonn sí ag scríobh anois go ndéanann sí amhlaidh ‘le haghaidh spraoi’ nó d’ealaíontóirí eile, ag tabhairt le fios go bhfuil níos mó ná 20 amhrán scríofa aici do dhaoine éagsúla le dhá bhliain anuas.

Dúirt Spears: ‘Is scríbhneoir taibhsí mé agus go hionraic bainim taitneamh as mar sin!!!’

Chuir sí deireadh freisin le tuairimíocht gur scaoileadh a cuimhneachán nua, The Woman In Me, gan cead uaithi, rud a dúirt sí a bhí ‘i bhfad ón bhfírinne’.

Fuair an leabhar léirmheasanna an-mhaith.

Bhí íomhá den phéintéireacht ón 17ú haois dar teideal Salome Bearing The Head of St John the Baptist ón ealaíontóir barócach Iodálach Guido Reni ag gabháil leis an bpost Instagram in éineacht le híomhá den phéintéireacht ón 17ú haois.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheab

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram