Bhí pleananna ag rialtas na Breataine filleadh ar an seanchóras bunaithe ar tomhais impiriúla (imperial measurements) ach ní dhéanfaidh siad sin anois tar éis do chomhairliúchán (consultation) a nochtadh go dtacaíonn 99% de dhaoine leis an gcóras Méadrach (Metric system) a choinneáil, de réir tuairisc ó RTÉ.
Tá mearbhall (confusing) ar an gcóras impiriúil agus braitheann sé ar uimhreacha éagsúla – mar shampla tá 16 unsa (ounces) i bpunt agus 14 unsa i gcloch (stone).
I gcodarsnacht (contrast) leis sin tá an córas Méadrach (Metric) bunaithe ar uimhir a deich i ngach cás.
Anois go bhfuil cinneadh déanta ag rialtas na Breataine, faoi stiúir Rishi Sunak, gan na hathruithe a dhéanamh, is iad na Stáit Aontaithe, Maenmar (Myanmar) agus an Libéir (Liberia) na tíortha amháin a úsáideann na seanchórais impiriúla.
Bhreathnaigh rialtas Thoraí (Tory) ar an dlí a athrú tar éis Breatimeacht (Brexit) in 2020, chun ligean do thrádálaithe córas traidisiúnta meáite na Breataine a úsáid, taobh leis an gceann Méadrach.
Dúirt an Roinn Gnó agus Trádála (Department of Business and Trade), áfach, go bhfuil ‘stair fhada bhródúil’ ag an mBreatain maidir le tomhais impiriúla a úsáid a bhfuil ‘dlúthbhaint acu lenár gcultúr agus lenár dteanga’.
Ar an ábhar sin tá siad chun buidéil fíona a cheadú i 568ml, is é sin pionta.
Dúirt siad gur ‘buíochas le saoirsí nua ó fhágáil an Aontais Eorpaigh’ a bhí i gceist leis an athrú.
Beidh an buidéal fíona 568ml in éineacht leis an buidéal 500ml.
Cé go ndíoltar beoir i bpionta sa Bhreatain, mar atá in Éirinn, agus níl fadhb ar bith leis sin, tá siad tar éis leanúint de mhíle a úsáid freisin, rud a chuireann mearbhall mór ar Éireannaigh agus muid ag dul ó thaobh amháin den teorainn go dtí an taobh eile.
Dúirt 98.7% den 100,938 freagróir ar chomhairliúchán oifigiúil (official consultation) go bhfuil siad sásta an córas Méadrach a úsáid agus táirge á cheannach nó á dhíol acu.
Dúirt an roinn: ‘Tar éis breithniú cúramach a dhéanamh, tá cinneadh déanta ag an rialtas gan aon athruithe reachtaíochta ag an am seo.’
Dúirt siad go mbeidh na buidéil fíona le 68ml breise ann ar fail mar gheall ar na ‘saoirsí nua Bretimeacht (Brexit)’ a fuarthas tríd an Retained EU Law (Revocation and Reform) Act 2023.
‘Bhí ár n-imeacht ón AE ar son eachtraí mar seo, áit ar féidir linn deiseanna nua a thapú agus fíor-bhreisiú a chur ar ár bhfíonta móra sa Bhreatain (great British wineries) le tuilleadh fáis sa gheilleagar,’ a dúirt an t-aire fiontair, margaí agus gnólachtaí beaga, Kevin Hollinrake.
Le linn fheachtas olltoghcháin na Ríochta Aontaithe 2019, gheall iar-phríomh-aire Boris Johnson go dtabharfadh sé aonaid impiriúla ar ais i siopaí.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.