Seo iad na seónna a raibh is mó tóir orthu i mbliana ar Seinnteoir RTÉ

25/12/2023

Ba í 2023 an bhliain is mó riamh do Seinnteoir RTÉ atá fós ar fail saor in aisce

Bhí ‘soaps’, spórt, drámaíocht agus siamsaíocht ar na seóanna is mó a raibh tóir orthu i mbliana leis an gcraoltóir, le 35 milliún uair an chloig curtha ar fail agus 1.8 milliún úsáideoir uathúil (unique) a bhaint amach in aghaidh na míosa.

Ní nach ionadh go raibh lucht féachana na hÉireann i bhfabhar na ‘soaps’ don chuid is mo, lena n-áirítear EastEnders, Home & Away agus ar ndóigh Fair City.

Kin
Clare Dunne agus Emmett Scanlan in Kin ar Seinnteoir RTÉ. Pic: Bernard Walsh

Ba bhuaiteoirí móra freisin iad drámaí a bhfuil cáil mhór orthu lena n-áirítear Kin, Happy Valley agus Love/Hate le sruthóirí ar fud na tíre.

Ba bhliain shuntasach í 2023 do spórt na hÉireann, le lucht leanúna na hÉireann ag craoladh gach rud ó Chorn an Domhain Rugbaí go Craobh na hÉireann an CLG agus Corn Domhanda na mBan de chuid FIFA.

Ar ndóigh, ba é an 26 Iúil an lá ba mhó den bhliain ar Seinnteoir RTÉ, le breis agus 250,000 uair an chloig d’ábhar á shruthú ar an lá a raibh Katie McCabe i gceannas ar Phoblacht na hÉireann i gcluiche ríthábhachtach in aghaidh an Astráil le linn Chorn Domhanda na mBan.

Katie McCabe
Katie McCabe

Bhí an-tóir freisin ar go leor clár a rinneadh in Éirinn, agus bhí lucht féachana ag féachaint ar The Late Late Show, The Tommy Tiernan Show agus First Dates Ireland ina sluaite.

Ag labhairt dó faoin rath a bhí ar Seinnteoir RTÉ le 12 mhí anuas, dúirt Ceannaire Seinnteoir RTÉ Aoife Byrne: ‘Ba í 2023 an bhliain ba mhó riamh do Seinnteoir RTÉ agus an tseirbhís sruthú ar tí an 100 milliún sruth a bhaint amach do 2023.

‘In éineacht le himeachtaí móra beo ar nós Chorn Domhanda na mBan, The Sunday Game Live, Corn Rugbaí an Domhain agus The Late Late Toy Show, chuir an lucht féachana an-chuid suim ins na mboscaí drámaíochta móra ar a n-áirítear KIN, Happy Valley, Smother agus One Tree Hill.

Eastenders
Eastenders

Bhí an-tóir ar seónna mar Room to Improve, Home of the Year agus na soaps freisin.

‘Le bliain anuas tá níos mó rogha curtha le chéile againn ná riamh i ngach seánra ar Seinnteoir RTÉ, agus leanamar lenár n-infheistíocht chun a chinntiú go mbíonn taithí iontach sruthú ag an lucht féachana, beo agus ar éileamh.

‘Tá fáil níos mó againn ar an aip Seinnteoir RTÉ freisin thar níos mó ardán teilifíse ná riamh. Tá go leor eile ar siúl do 2024.’

Amharc ar liosta iomlán na gclár is fearr le haghaidh 2023 thíos

Na 10 gclár is fearr ar Seinnteoir RTÉ in 2023

1EastEnders
2Home and Away
3Fair City
4KIN
5The Saturday/Sunday Game
6Corn an Domhain Rugbaí
7Happy Valley
8Love/Hate
9The Late Late Show
10Corn Domhanda na mBan FIFA

Na 10 sraith drámaíochta is fearr ar Seinnteoir RTÉ in 2023

1KIN
2Happy Valley
3Love/Hate
4Unforgotten
5Normal People
6One Tree Hill
7Frasier
8Clean Sweep
9Gossip Girl
10Smother

Na 10 n-imeacht aonair spóirt is fearr ar Seinnteoir RTÉ in 2023

1Corn Domhanda na mBan FIFA Beo: Poblacht na hÉireann v An Astráil (20 Iúil 2023)
2Corn Rugbaí an Domhain 2023: An Afraic Theas v Éire (23 Meán Fómhair 2023)
3Corn Domhanda na mBan FIFA Beo: Ceanada v Éire (26 Iúil 2023)
4Cluiche an Domhnaigh Beo: Cill Chainnigh v Luimneach, Cluiche Ceannais Iomána na hÉireann (23 Iúil 2023)
5Cluiche an Domhnaigh Beo: Áth Cliath v Ciarraí, Cluiche Ceannais Peile na hÉireann 2023 (30 Iúil 2023)
6Sé Náisiún Guinness: Éire v An Fhrainc (11 Feabhra 2023)
7Cáilitheoirí Eorpacha: Poblacht na hÉireann v An Fhrainc, UEFA Euro 2024 (27 Márta 2023)
8Sé Náisiún Guinness: Albain v Éire (12 Márta 2023)
9Corn Rugbaí an Domhain 2023: Éire v Tonga (16 Meán Fómhair 2023)
10Corn Rugbaí an Domhain 2023: An Fhrainc v An Nua-Shéalainn (8 Meán Fómhair 2023)

Na 10 gclár faisnéise is fearr ar Seinnteoir RTÉ in 2023

1Gaelic in the Joy
2Once Upon a Time in Northern Ireland
3Dr Cassidy’s Casebook
4The Case I Can’t Forget
5Davy’s Toughest Team
6Ireland’s Wild Islands
7The Murdochs: Empire of Influence
8Quinn Country
9Missing: Beyond the Vanishing Triangle
10Brian and Arthur: A Very Modern Family

Na 10 gclár grinn is fearr ar Seinnteoir RTÉ in 2023

1The Young Offenders
2Father Ted
3Sisters
4The Big Bang Theory
5Colin from Accounts
6Hardy Bucks
7Killinaskully
8Women on the Verge
9The 2 Johnnies Do America
10PEN15

Na 10 gclár is fearr do pháistí ar Seinnteoir RTÉ in 2023

1Peppa Pig
2Bluey
3News2Day
4Bing Bunny
5Fireman Sam
6Peppa Muc
7Dizzy Deliveries
8Shaun the Sheep
9Hey Duggee
10Fia’s Fairies

Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram