Tá Raina, an leanbh réamhaibí (premature) is lú in Éirinn atá fós beo tar éis filleadh abhaile ón ospidéal in am don Nollaig, agus is ‘míorúilt bheag’ a deir a tuismitheoirí.
Rugadh Raina Gilmore ar an 28 Meitheamh trí Caesarean ag 26 seachtaine agus mheáigh sí 378g.
Tar éis di an chéad chúpla lá a chaitheamh san aonad dianchúraim nua-naíoch san Ospidéal Ríoga Máithreachais i mBéal Feirste, thit a meáchan go 360g.
Dúradh le tuismitheoirí Raina – Rachel, 25, agus Marcus, 33 – a bhfuil cónaí orthu i mBaile Chláir (Ballyclare), Co Aontroma, nach raibh ach seans 10% go mairfidh a leanbh.
Tar éis an iliomad scanradh sláinte le linn ceithre mhí san ospidéal, ag an Ríoga ar dtús agus ansin ag Ospidéal Cheantar Aontroma, thug a tuismitheoirí Raina abhaile i mí Dheireadh Fómhair.
Dúirt Rachel: ‘Nuair a tháinig an lá sin, i ndáiríre, níl a fhios agam fiú conas é a mhíniú, bhí sé mar a bhí ár Nollag ar fad curtha isteach i gceann amháin.
‘Bhí sé go hálainn mar sheas na haltraí agus na dochtúirí go léir amach chun bualadh bos a thabhairt di agus í ag imeacht. Bhí mo mhamaí agus m’athair ann freisin.
‘Bhí sé ar cheann de na laethanta is fearr dár saol.’
Le linn a cuid ama san ospidéal, fuair Raina 11 fuilaistriú (blood transfusions), cuireadh cóir leighis uirthi le haghaidh sepsis, bhí drochbhail air faoi dhó ar an bputóg (bowel), bhí fadhbanna aici le feidhm na nduán (kidney) agus rinne sí fiosrúcháin maidir le fadhbanna lena hae (kidney) agus reitine.
Ina theannta sin, fuair Raina 450 comhthástáil fola (combined blood tests) agus swab. Bhí dhá phuncture lumbar spinal aici freisin chun meiningíteas a sheiceáil.
Anois go bhfuil sí sa bhaile, caithfidh Raina stéaróidigh a ghlacadh mar ní tháirgeann a corp go leor ‘cortisol’ agus beidh máinliacht cromáin (hip surgery) le déanamh aici i mí Aibreáin.
Dúirt Rachel: ‘Rud ar bith a tháinig uirthi a bhí an-dona, tháinig sí ar ais níos láidre ná riamh.’
Tá meáchan 7lb 5oz ag Raina anois.
Mhol an teaghlach an charthanacht leanaí réamhaibí, TinyLife, as a gcabhair go léir le cúram an linbh.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi TinyLife, tabhair cuairt ar tinylife.org.uk.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.