Físeán: Seisear coileán (puppies) áille a shábháil an DSPCA

20/12/2023

D’éirigh leis an DSPCA seisear coileán a bhí tinn agus leochaileach a shábháil díreach sular tháinig Storm Fergus

Tá físeán briseadh croí comhroinnte ag an DSPCA de siesear coileán a fuarthas tréigthe ag reilig (abandoned at a graveyard), díreach roimh an Nollaig.

Bhí na coileáin, atá timpeall ocht seachtaine d’aois, an-tinn agus bhí galar marfach orthu.

Dúirt an DSPCA go bhfuarthas na coileáin díreach sular chaith Storm Fergus gaoth láidir agus báisteach ar fud na tíre.

Agus físeán á roinnt acu de na coileáin atá faoina gcúram, scríobh an DSPCA: ‘Seisear coileán aimsithe dumpáilte i mbosca cairtchláir (cardboard) i reilig.

‘Agus cuairt Daidí na Nollag ar an #dspca á ceiliúradh againn Dé Domhnaigh, is beag a bhí a fhios againn go raibh 6 coileán beag leochaileacha á dtréigean i mbosca cairtchláir i reilig díreach roimh Stoirm Fergus.’

Bhí na coileáin, atá timpeall ocht seachtaine d’aois, an-tinn agus bhí galar marfach orthu
Bhí na coileáin, atá timpeall ocht seachtaine d’aois, an-tinn agus bhí galar marfach orthu

‘Tá siad thart ar 8 seachtaine d’aois, bhí buinneach (diarrhoea) orthu go léir, bolgáin i bpotaí (potted bellies) & rinne siad tástáil dhearfach don Parvovirus a d’fhéadfadh a bheith marfach do choileáin óga,’ a dúirt an DSPCA.

Dúirt siad, áfach, go bhfuil ag éirí go maith leis na coileáin anois.

‘Tá an teaghlach beag seo de sheisear coileán ag ithe & tá siad geal, sin comhartha maith, le buíochas, agus iad ag dul amach chuig tithe altrama (foster home),’ a dúirt an DSPCA.

Tá an DSPCA tar éis spreagadh a thabhairt do dhaoine iarracht a dhéanamh ainmhithe a thabhairt ar altramas sula ndéanann siad machnamh ar uchtáil (adoption) nó peataí a cheannach.

Tá ag éirí go maith leis na coileáin anois
Tá ag éirí go maith leis na coileáin anois

‘Táimid thar a bheith lán,’ a dúirt urlabhraí an DSPCA Gillian Baird le Newstalk. ‘Tá méadú mór tagtha ar líon na n-ainmhithe a thagann isteach chugainn – tá cuid acu caillte nó tinn agus gortaithe ach ar an drochuair is cásanna cruálachta cuid acu freisin.

‘Tá rudaí gnóthach mar sin faoi láthair agus táimid ag iarraidh go leor de na hainmhithe a thabhairt amach le cúram altramais, le spás a dhéanamh d’aon rud eile a thagann isteach thar thréimhse na Nollag.’


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

Léigh Níos Mó

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram